An Chloch Stocach

Jimí Mhicí Jimí Mac Grianna

Jimí Mhicí Jimí a chum

Tá an Chloch Stocach suite i gcuibhreann Dhonnchaidh Uí Bhaoill le taoibh an tseanbhealaigh mhóir, mar a bheifeá ag déanamh ar thóin na reannacha i Rann na Feirste—stacán cloiche atá tuairim ar ceithre troigh déag ar airde ina seasamh léi féin mar a bheadh dia bréige ann. Cá dtáinig sí as, nó cé a chuir ansin í? Sin rud nach bhfuil a fhios againn, ach tá rud amháin a dtig linn a bheith cinnte de, is é sin go rabh an Chloch Stocach i gcónaí uasal i súile mhuintir an bhaile. Bhí leigheas gaid bhráid le fáil ag duine a dhéanfadh turas na cloiche, agus tá a fhios againn go cinnte faoi bhean amháin a fuair leigheas ón ghalar seo. Galar a bhí ann a thiocfadh ar mhná faoin mhuineál agus fána mbráid.

Le linn na mbliantach agus na haimsire bhí an Chloch Stocach ag titim ar leataoibh. Rinn scaifte de aos óg an bhaile amach i dtús na naochaidí gur chóir a cur ina seasamh díreach arís. Fuair siad inneall trom, agus nuair a bhí siad ag díriú na cloiche bhris siad ceithre troithe dena barr. An bomaite a briseadh í tháinig splanc tineadh fríd an aer, tormán mar a bheadh tairneach ann, agus fágadh an t-ard os cionn na cloiche ina scoite lasrach. Ní rabh solas ná gléas aibhléise ar an bhaile nach dteachaigh as obair. Bhí mná na dtoighthe amuigh ag cathamh uisce choisricthe, agus bhí an t-aos óg a bhí ag obair ar an chloich in áit a gcarta.

Arbh é seo na geasa a bhí ag baint leis an Chloich Stocach? An rabh fearg ar Dhia go rabh sí briste? B’fhéidir go rabh, ach is dóiche gurb é freagra na ceiste ná go rabh loraí ag folamhú a lód scaineagáin ar bharr an aird ag suíomh úr toigh agus gur bhuail sí líne an leictreachais a bhí ar chuaillí os a cionn. Ar ndóighe ní sin mar a chonaic muintir Rann na Feirste an scéal. Chaithfí bail a chur ar an chloch, nó an baile a bheith náirithe go deo. Cuireadh poill agus pionnaí cruach ins an chloch agus cuireadh le chéile aríst í. Ansin tháinig file de chloinn Mhic Grianna go dtearn sé a chaint agus a chomhrádh léithe faoina tubaiste.

An Dán

Arbh é rí de na Tuatha Dé Danann
A chuir ’do sheasamh ansin thú ar tús,
Nó draoi mór de pháirtí chlann Neimhidh,
Fir Bolg, clann Parthalóin nó Drúid,
Nó b’fhéidir gur píosa den ghealaigh
A thuirling go tobann chun an tsaoil
Agus a d’fhág thú ’do sheasamh go státúil
Sa chuibhreann faoi theach Dhonnchaidh Uí Bhaoill?

Bhí aithne agad ar Sheán is ar Phádraig,
Peadar gréasaí, ar Shéamas, ’soir Aodh.
Chonaic tú an Dálach á bháthadh
Lena lasta ag teacht trasna ar an Ghaoth.
D’éist tú le cabhlach na Spáinne
A briseadh taobh thiar d’Árainn Mhór,
Agus chuala tú an Chrúbach ag búirthigh
Sa chuisleán faoi theach Hiúdaí Mhóir.

Chuir tú fáilte roimh Fhionn is roimh Oisín
Ar a mbealach go hOitir na gCorr,
Agus bheannaigh tú an lá do Chúchulainn
Ag gabháil thart lena chamán sa ród.
Chuir tú géaga glan daite Néill Fhrasaigh
In aithne do bhunadh Ghaoth Dobhair,
Agus chuala tú an gháir fá na beanna,
An lá udaí a bhuaigh an Yawl Mhór.

Thug tú foscadh do bhráithre ón doineann,
Is leigheas tú gaid bhráid fríd an tír.
Ba chúl taca ar fheabhas tú ag lucht suirí,
Is crann tochais do bhoin is do lao.
Chuir tú ceigeanna eorna ar folach,
D’fhág do mharc ar gach léarscáil sa tír,
Is chuir tú faobhar ar speal is ar chorrán
San fhómhar don mheitheal ag buain.

Thóg tú tormán is tairneach agus tintreach
Nuair a chaill tú do chlaigeann, faraor.
Bhí tú caite ansin ar do leasluí,
Agus b’fhearr thú glan díreach, is fíor.
Ach nár thuill tusa scin fá do scornaigh,
Mar a tharlaigh do Bhrian Mór Ború,
Is a d’fhág thú ’do cholainn gan chlaigeann—
Ba náireach a d’fhágadar thú.

Ach mhuscail marcshlua na Craoibh Ruaidhe
A bhí ina gcodladh faoi Áileach na Rí,
Is chuir an chlaigeann arís ar na guailne
A bhí feannta le haimsir is le síon.
Sin an t-aon dóigh a mbristí na geasa,
Is a d’fhágfadh fiúntas arís ins an tír,
Is mar Cholossus na Róide i do sheasamh,
Sa chuibhreann faoi theach Dhonnchaidh Uí Bhaoill.

Nóta: Jimí Mhicí Jimí a mhol domh na focla ‘ba chúl taca ar fheabhas tú’ a úsáid i véarsa a ceathair, agus ‘faoi Áileach’ a úsáid i véarsa a sé.