Pilleadh an Deoraí

 Jimí Mhicí Jimí Mac Grianna

Jimí Mhicí Jimí a chum

Is iomaí sin athrach a tímsa san áit seo
Ón lá úd a d’fhág mé ’mo stócach, faraor,
Nuair nach rabh dadaidh i ndán domh ach an chlúdaigh a fhágáil
Mar spailpín bhocht fhánach ag gabháil eadar dhá dtír.

Is iomaí sin oibrí a casadh domhsa ar an choigrích
Is iad ag gabháil i lagbhrí le hocras is le cumhaidh;
B’fhéidir Landrick a fhágáil ag déanamh ar Charlops
Is gan dadaidh i ndán dóibh ach gach orlach dó a shiúl.

Bhí fir líofa láidir as na Cealla go Málainn
Ag polladh is ag réabadh is ag cartadh na ngleann,
Astoigh faoi na cnoic go dtí na cluasa sa mhoic,
Is gan a bheagán nó a mhórán le fáil ar a shon.

Tharraing muid cáblaí is threabhaigh sinne bántaí
Fríd Albanaigh ghránna as Dunsyre go Glencoe,
Ag rútáil is ag spágáil is ag stialladh mar sclábhaí,
Agus rann muid ár gcnámha fá shléibhte Lough Awe.

Ach anois nuair atá mise arís fá na hairde,
Agus tímsa gach athrach is níl rudaí mar a bhí:
Tá cigirí cánach agus báirseoirí is gardaí
Ár gcánadh gan ábhar in ainm an dlí. Ach agraimsa fáras ar Rí mhór na ngrásta,
Saol agus sláinte fad is bheas mé ann,
I measc mo ghaoil is mo chairde, bean an toigh agus na páistí,
Ag gabháil thart fá na hairde ar a bhfuil agam cion.

Nóta: sa mhoic (véarsa a trí) = ‘in the muck’.