Taiscidh Ghleann Domhain

Bríd Anna Ní Bhaoill

Bhí deirfiúr agus deartháir uair amháin ina gcónaí i nGleann Domhain. Eoghan Ó Dochartaigh a bhí ar an deartháir agus Gráinne a bhí ar an deirfiúr. Bhí siad beo bocht sa tsaol. Ní rabh acu ach ó inniu go dtí amárach agus ón lámh go dtí an béal. Bhí siad ina gcónaí i dteach bheag chionn tuí ar bhruach locha. Bhí garraí ag coirnéal an toigh agus curtha sa gharraí bhí crann úll ag fás.

Bhí tiarna treise ina chónaí i nGleann Domhain san am seo agus bhí bólacht mhór eallaigh agus caoirigh aige. Bhí trí shréadaí ag obair aige agus bhí cionn de na sréadaithe seo ar leathchois, agus ba ghnách leis i gcónaí a ghabháil isteach i dtoigh Eoghan Uí Dhochartaigh lena scíste a dhéanamh. Bhí sé ina theach aitheantais aige.

Bhí go maith is cha rabh go holc ná go dteachaigh Eoghan Ó Dochartaigh a luí oíche amháin agus rinn sé brionglóideach go rabh sé thall i Londain agus go bhfuair sé saibhreas mór ina luí ar dhroichead Londain. Chuaigh sé a luí an dara hoíche agus rinn sé an bhrionglóideach chéanna, agus an tríú oíche mar an gcéanna. Nuair a d’éirigh sé an tríú maidin chuir sé iontas millteanach sa bhrionglóideach—eisean brionglóid a dhéanamh faoi áit nár bhfaca sé agus nár chuala sé mórán trácht ariamh air.

Nuair a tháinig an sréadaí isteach a bhí ar leathchois d’inis Eoghan an scéal dó agus, ar seisean go brónach, ‘dá mbeadh gléas beatha orm rachainn anonn nó tá mé cinnte go bhfuil luach mo shaothair romham.’

‘Bhail’, arsa an sréadaí leis, ‘má shíleann tú go bhfuil, bhéarfaidh mise gléas beatha duid’, agus thug.

D’imigh Eoghan Ó Dochartaigh leis agus níor stad sé go rabh sé i Londain. Chuaigh sé amach fríd chathair Londain agus níor stad sé go dtí go dtáinig sé a fhad leis an droichead a chonaic sé sa bhrionglóideach. Shiúil sé anonn agus anall, anuas agus suas an droichead. Bhí fear uasal ina sheasamh ar bharr an droichid agus é ag léamh páipéar nuaíochta.

‘An miste domh a fhiafraigh’, ar seisean le Eoghan, ‘ar chaill tú dadaidh?’

‘Ó, ní miste’, adeir Eoghan, ag túiseacht agus ag inse dó fán bhrionglóideach a rinn sé.

‘Arú’, ar seisean, ‘níl in do ghnoithe ach amaidí. Nach bhfuil mise i mo luí le trí oíche agus mé ag brionglóidigh go rabh mé thall in Éirinn; go rabh mé ag stopadh i dteach bheag chionn tuí ar bhruach locha; go rabh garraí ag coirnéal an toigh agus curtha sa gharraí go rabh crann úll ag fás.’

‘Má bhí féin’, ar seisean, ‘níl a dhath ann ach amaidí.’

‘Tím’, arsa Eoghan.

Shiúil Eoghan giota agus stad sé agus smaoitigh sé: teach bheag cionn tuí ar bhruach locha, garraí ag coirnéal an toigh agus curtha sa gharraí, crann úll ag fás. Agus smaoitigh sé gur a theach féin a bhí ann, agus má bhí deifre air ag tarraingt go Londain bhí a dhá oiread deifre air ag tarraingt chun an bhaile go Gleann Domhain. Chuir a dheirfiúr Gráinne ceist air an bhfuair sé dadaidh nuair a tháinig sé chun an bhaile. D’úirt sé nach bhfuair. Níor lig sé a dhath air féin. Tráthnóna an lae sin thug sé leis a spád agus thochail sé síos bun an chrainn nó go rabh sé thíos na ceithre troithe, agus nuair a bhí sé thíos na ceithre troithe tháinig sé ar leac a bhí déanta thart cruinn agus thíos faoin leac fuair sé croca óir. Thug sé an t-ór faoi theach agus bhí saibhreas mór aige féin agus ag a dheirfiúr Gráinne. Cheannaigh sé eallach agus caoirigh agus chuir sé ar chuid sléibhte Ghleann Domhain iad, agus ar ndóigh ní thearn sé dearmad den tsréadaí ach an oiread, nó thug sé sínteanas maith dó sin. Ach bhí scríbhinn ar dhá thaobh na leice seo agus ní rabh aon duine sa cheantar ná thart fá dhúiche Ghleann Domhain ábalta an scríbhinn a dhéanamh amach. Aoine amháin nuair a bhí Eoghan Ó Dochartaigh amuigh ar an tsliabh ag amharc i ndéidh a chuid bólachta tháinig fear siúil thart. Bhí Gráinne ag déanamh brúitíní fá choinne an dinnéar. Chuir sé ceist orthai an dtiocfadh leis cuid acu a fháil. D’úirt Gráinne go dtiocfadh agus fáilte. Chuir sí im iontu mar anlann agus thug sí babhla bainne dó le smiothadh leo. Bheadh an leac i gcónaí ina shuí ar leac na tineadh ag Gráinne. Bhí sé ina chúl taca aici agus í ag déanamh arán coirce. Bhí an fear siúil ag amharc leis ar an leac. Chuir Gráinne ceist air an mbeadh sé ábalta an scríbhinn a bhí ar an leac seo a dhéanamh amach. Thóg an fear siúil suas an leac agus d’amharc air go cúramach.

‘Ó, tá, cinnte’, ar seisean.

‘Agus goidé an míniú a bhaineann tusa as?’, arsa Gráinne.

‘Tá’, ar seisean, ‘más maith an taobh seo is fearr i bhfad an taobh eile.’

‘Tím’, arsa Gráinne.

Nuair a tháinig Eoghan isteach an tráthnóna sin d’inis sí dó fán rud a d’úirt an fear siúil. Níor lig Eoghan a dhath air féin aríst, ach thug leis an spád agus thochail sé síos an taobh eile den chrann nó go rabh sé thíos an doimhne chéanna a bhí sé an chéad uair. Agus nuair a bhí sé thíos an doimhne chéanna tháinig sé ar leac a bhí dúbailte comh mór leis an chionn a fuair sé an chéad uair, agus thíos faoin leac fuair sé croca mór eile óir. Thug sé an t-ór faoi theach agus bhí saibhreas mór aige féin agus ag a dheirfiúr Gráinne, agus bhí siad ag gabháil ar rothaí an tsaoil. Agus deirtear go bhfuil bunadh Eoghan Uí Dhochartaigh i nGleann Domhain i dTír Chonaill ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann leis an tsaibhreas a fuair Eoghan ag bun an chrainn.

nóta

‘smiothadh’ = ‘snáthadh’.