Na Réamhfhocail
De, do Cailltear céad chonsan de agus do i bhfrásaí éagsúla sa téacs, mar shampla a do thabhairt (= do do thabhairt). San áit a mbíonn de dheas, de gheall ag FGB, bíonn a dheas, a gheall sa téacs. In ionad dá (ar cumasc é den réamhfhocal de agus den mhír a), bíonn á sa téacs, mar shampla á thréine (= dá thréine); airgead ar bith á bhfaghann na sagairt; in ionad dár (de i gcumasc leis an mhír choibhneasta ar), bíonn ár sa téacs, mar shampla í ag smaoitiú ar achan uile mhaidin agus oíche ár chaith siad i gcionn a chéile; achan chor agus achan lúb ár chuir sé dó ón lá a d’fhág sé; smaointigh sé ar gach lá pléisiúrtha ár chaith sé féin. Uaireanta cailltear céad chonsan de nuair a nasctar leis an alt é, mar shampla taobh amuigh ’en doras; bhí an choillidh lasta suas le solas uilig ’en tsaol; ach sa téacs bainim úsáid as an litriú dhen de rogha ar ’en sna cásanna seo. Tá foirm shéimhithe den réamhfhocal do le feiceáil in an achaine atá mé a dh’iarraidh (= an achaine atá mé a iarraidh); rachadh sé a dh’airneál; thoisigh sí a dh’inse; chan a luí a chuaigh mo dhiúlach ach a dh’obair. Is ionann dh in a dh’ainneoin (= d’ainneoin) agus foirm shéimhithe den réamhfhocal de.
Fá Cailltear túschonsan an réamhfhocail fá in a choinne (= fá choinne), ach a dtaobh (= fá dtaobh/ghach fá dtaobh?).
I Cailltear i nuair a thig aidiacht shealbhach ina dhiaidh sna samplaí seo a leanas: d’fhás tusa aníos do phlanta dheas aoibhinn; ba mhaith liom fear cosúil leat a fhágáil mo dhéidh sa bhaile; is mór orainn go rabh oidhre ag gabháil a bheith ár ndéidh.
Nuair a bhíonn réamhfhocla áirithe i gcumasc leis an aidiacht shealbhach a cuirtear n eadar an réamhfhocal agus an aidiacht, mar shampla duilleog capógaí a bhí ag fás agna thaobh; gan scéala ariamh a chur chun an bhaile chuigna bhean; thug an chaora sucadh dena chlaigeann dó; mhol siad dona bhean chéile; chuir sí a lámha thairenamhuineál; bíonn an n céanna le feiceáil sa fhrása réamhfhoclach go dtína bharr. Ach fágtar ar lár an n in le ár de ghnáth, mar shampla le ár gcuid seanchaithe; le árSlánaitheoir; le ár mac féin; sa dán ‘Líontar Dúinn an Crúiscín’ le Seán Bán, áfach, tá sampla de lenár ann, mar atá ag feitheamh lenár mian a fháil.