Móirne Mór

John Ghráinne Ó Duibheannaigh

Bhail, inseochaidh mé scéal anois ach a dtaobh de—agus is é an t-ainm atá ar an scéal seo, ‘Móirne Mór’—‘Móirne Mór’. Agus is é mo thoghasa scéal é.

Bhí fear darbh ainm Móirne ina chónaí in áit inteacht sa tír seo am amháin, é féin agus a bhean chéile, agus teach deas acu in áit iontach dheas ins an tír, agus gan mórán ag cur bhuarthata orthu, nó gan mórán ag cur amach nó isteach orthu go dtí fá dheireadh, i gcionn na haimsire, rugadh mac daofa. Agus an lá a rugadh an mac chuaigh Móirne amach agus chuir sé crann ins an gharraí ag taoibh an toigh, agus tháinig sé isteach agus d’úirt sé lena bhean chéile lón beag a dhéanamh suas dó sin, go rabh seisean ag imeacht anois a shaothrú a chodach don leanbh agus daoithe féin. Agus bhí an leanbh i ndéidh fáil baistithe an lá roimhe sin, agus is é an t-ainm a bhí ar an leanbh, Goll. Agus d’úirt sé lena bhean, an lá a bheadh Goll mór go leor agus urrúnta go leor leis an chrann a bhí sé sin i ndéidh a chur, nuair a bheadh sé urrúnta go leor leis an chrann sin a tharraingt, go dtiocfadh leis-sean a ghabháil ar a shaothrú fosta. Agus thug sé leis an lón beag a bhí déanta suas agus d’imigh sé, leoga, tromchroíoch go leor ag fágáil an bhaile, a bhean agus a pháiste.

Shiúil sé leis, agus nuair a bhí sé ag gabháil anonn sa tráthnóna, casadh fear air agus chuir an fear ceist air goidé an siúl a bhí air. D’inis sé don fhear go rabh sé ar shiúl ag cuartú oibre, go rabh bean agus leanbh sa bhaile ina dhéidh agus go gcaithfeadh sé saothrú daofa agus fiacháil le dóigh mhaith a chur orthu.

‘Bhail’, arsa an fear, ‘tá do mhacasamhail d’fhear a dhíobháil ormsa, nó bímsa ar shiúl’, ar seisean, ‘go minic agus ba mhaith liom fear iontach céillí, cosúil leatsa—agus tá an chuma ort go bhfuil tú céillí’, ar seisean,—‘ba mhaith liom fear cosúil leat a fhágáil i mo dhéidh sa bhaile a bheadh ábalta ar amhanc i ndéidh mo ghnoithe sa bhaile nuair a bhím féin ar shiúl.’

Chuaigh sé féin agus Móirne fá mhargadh, agus an míniú is an réiteach a bhí air, d’imigh an bheirt acu agus an margadh déanta, agus chuaigh siad go teach an mháisteara. Rinneadh réidh a chuid dó. D’ith sé a chuid agus chuaigh sé a luí. Ar maidin an lá arna mhárach, d’inis an máistir dó goidé a bhí le déanamh aige. Chuaigh sé i gcionn a chuid oibre, agus an míniú agus an réiteach a bhí air, go rabh sé iontach go deo sásta den teach a bhí aige agus an mhuintir a rabh sé ag obair acu, agus ní rabh aige ach an leath—bhí siad sin lán comh sásta dó sin.

Mar sin dó, chaith sé tamalt maith ansin gan scríobh ariamh chun an bhaile nó inse cá rabh sé, nó siúd nó seo. Ach bhuail tolgán tobann tinnis é lá amháin agus fuair sé bás. Rinneadh é a fhaire agus a thórramh agus cuireadh é gan scéala ariamh a chur chun an bhaile chuigna bhean. Agus bhí an bhean bhocht ar fad ag fanacht le scéala a fháil uadh nó é féin a theacht agus dornán airgid leis, ach b’fhada daoithe a bheith ag fanacht leis.

Chuaigh an t-am thart, agus nuair a bhí Goll seacht mbliana de aois, d’iarr an bhean air a ghabháil amach—a mháthair air a ghabháil amach agus an crann—fiacháil leis an chrann a bhí sa gharraí a tharraingt, nó bhí a mháthair dúthuirseach an t-am sin; an dóigh a bhí ann an t-am sin, bhí an leanbh ar an bhrollach ag an mháthair agus bhí an leanbh ag diúl agus é seacht mbliana.

‘Gabh amach’, arsa sise, ‘agus fiacháil leis—fiacháil—fiach leis an chrann sin a tharraingt, nó tá mise tarraingithe as a chéile agad.’

Chuaigh sé amach agus ar ndóighe ní rabh sé ábalta ar an chrann a tharraingt. Tháinig sé isteach agus d’inis sé dona mháthair nach rabh sé ábalta ar an chrann a tharraingt.

‘Bhail’, ar sise, ‘má chaithimsa seacht mbliana a chathamh—seacht mbliana eile a chathamh ag tabhairt brollaigh duid, beidh mé, beidh mise mé féin ar an tsaol úd eile.’

Chuaigh na seacht mbliana thart, agus bhí an gasúr ag iarraidh mór agus é ina ghasúr bhreá thógtha ceithre mbliain déag agus é ar bhrollach a mháthara ar fad, agus nuair a bhí sé ceithre bliana déag d’iarr a mháthair air a ghabháil amach agus fiacháil leis an chrann a bhí sa gharraí a tharraingt. Chuaigh sé amach, dhing sé anonn agus anall an crann, ach ní rabh sé ábalta ar biongadh a bhaint dó. Agus tháinig sé isteach agus d’inis sé sin dona mháthair.

‘Á, bhail, tí Dia mise’, arsa an mháthair, ‘má chaithim seacht mbliana eile a chathamh ag tabhairt brollaigh duid. Ach goidé a thig liom a dhéanamh?’

Bhí Goll ansin seacht mbliana eile ina luí ina shlúiste i gcladach na tineadh, agus ina luí ar maidin go dtí go mbeadh an lá caite agus go bhfaigheadh sé a chuid sa leabaidh go minic, agus dóigh bhreá air. Agus an lá a bhí sé bliain agus fiche, chuaigh sé amach chun an gharraí agus chuaigh sé a choraíocht leis an chrann, agus sa deireadh thug sé urróg amhlánta amháin agus bhí an crann leis is an rúta, agus suas le leath acaire talamh greamaithe do bhun an chrainn. Tháinig sé isteach ansin agus d’inis sé dona mháthair go rabh an crann tarraingithe aige agus, arsa seisean lena mháthair, ‘déan réidh lón domhsa. Tá mise ag imeacht anois agus saothróchaidh mise airgead agus díolfaidh mé go maith ar shon an méid a rinn tú domh ó tháinig mé ar an tsaol go dtí go bhfuil mé bliain agus fiche. Agus saothróchaidh mé airgead agus cuirfidh mé dóigh mhaith ort an chuid eile de do shaol.’

Rinn a mháthair suas a lón agus a croí briste. Is cuma goidé comh tuirseach agus a bhí sí dó, nuair a tháinig sé go dtí an t-am a rabh sé ag imeacht, bhí sí buartha, agus sheasaigh sí sa doras ag amharc ina dhéidh go dtí go dteachaigh sé suas an leathmhalaidh a bhí os cionn an toigh, agus í ag smaoitiú ar achan uile mhaidin agus oíche ár chaith siad i gcionn a chéile le bliain is fiche. Agus d’amharc seisean thart go truacánta nuair a bhí sé ag gabháil as amharc ar bharr na malacha agus shiúil sé leis.

Níorbh fhada a chuaigh sé go dtí gur casadh fear air. Chuir an fear ceist air goidé a bhí sé a iarraidh.

‘Tá mé ag iarraidh lá oibre’, arsa seisean, ‘sin an siúl atá orm.’

‘Bhail, bheadh do leathbhreac a dhíobháil ormsa’, arsa seisean, ‘ná bím ar shiúl as baile go minic agus ba mhaith liom fear maith a bheith sa bhaile i mo dhéidh.’

Chuaigh siad fá mhargadh. Rinn siad an margadh agus d’imigh siad, agus chuaigh Goll agus a mháistir go teach an mháisteara. Chuaigh sé a luí i ndéidh greim a fháil le hithe, creidim, agus ar maidin, ar maidin an lá arna mhárach, an dá luath géar agus a tháinig ball bán ar an lá, scairteadh air. Agus bhí sin ainchleachtaithe go maith ag an fhear chéanna, eisean a bhí ina luí go ham eadartha achan lá agus ag éirí ansin agus gan a dhath aige le déanamh ach ag cur thart an ama dó féin. Bhí sé ainchleachtaithe go maith aige éirí ins an scatharnaigh. Agus hiarradh air a ghabháil amach agus a ghabháil isteach air an lafta a bhí ann agus a ghabháil a bhualadh cocháin, agus go scairteochaí isteach air nuair a bheadh an bricfeasta réidh. Chuaigh sé amach agus cead ag bean an toigh cé bith am, eadar sin agus tráthas, a mbeadh a sáith codlaidh aici, éirí, agus sin nuair a gheobhadh Goll an chéad ghreim. Chuaigh sé amach agus bheir sé ar an tsúiste agus chuaigh sé a bhualadh an chocháin. Ach ní rabh sé i bhfad ag bualadh go dtí gur bhris sé an súiste. Thug sé leis an dara súiste agus chuaigh sé a bhualadh, agus nuair a bhí cruach buailte aige, bhris sé an dara súiste agus ní rabh an tríú súiste ann. Chuaigh sé amach go dtí taobh amuigh den bhóitheach, nó an áit a rabh sé ag bualadh an fhodair, agus bhí dhá leathchrann ag fás amuigh ansin. Tharraing sé an dá leathchrann as an talamh. Cheangail sé an dá leathchrann dá chéile, agus isteach leis agus thosaigh sé a bhualadh agus a bhualadh. Agus sa deireadh chuir sé súiste, nó an dá leathchrann a bhí in ionad súiste, chuir sé fríd dhíon an sciobóil iad.

Chualaidh an máistir a bhí astoigh an truisneach a bhí amuigh agus amach leis go bhfeiceadh sé goidé a bhí ag gabháil ar aghaidh, agus fuair sé leath an rigín tógtha den scioból. Agus tháinig sé isteach chun an sciobóil chuig Goll agus bhí cuma ar Gholl gur—nach rabh sé ag gabháil i gcionn oibre, agus scanraigh an máistir. Dar leis féin, ‘tá seo coimhthíoch.’ ‘Gabh isteach chun an toigh’, ar seisean, ‘agus tá do chuid ag gabháil a bheith réidh ag an mháistreás, agus tá do sháith déanta inniu. Níl fiachaibh ort níos mó a dhéanamh inniu.’

Isteach le Goll. Bhí a chuid réidh ag an mháistreás. Shuigh sé isteach agus d’ith sé go haimirneach cé bith a bhí ar an phláta. Agus níor úirt sé cé acu a bhí a sháith aige nó nach rabh, agus níor fiafradh dó é ach oiread. Agus líon scanradh ar a rabh sa teach. Ach bhí seandall ins an chomharsain, fear a rabh fios aige, agus bhí cuid mhór daoiní ag teacht chuig an fhear seo, ag fáil amach rudaí ón fhear seo. Agus d’imigh an máistir agus chuaigh sé chuig an fhear seo agus d’fhiafraigh sé den fhear goidé a b’fhearr dó a dhéanamh, nach rabh fios ar bith aige.

‘Bhail, tá mé dúthuirseach den fhear seo’, ar seisean, ‘agus níl sé agam ach ó bhí aréireanas ann. Agus goidé mar a thig liom fáil réitithe dó?’

‘Má tá tú ag iarraidh fáil réitithe dó’, arsa an fear seo a rabh an fios aige, ‘inseochaidh mise duid goidé a dhéanfaidh tú. Tá ailt mhór thiar ansin’, arsa seisean, ‘agus cuir siar an fear sin amárach agus péire beathach leis agus iarr air a ghabháil a threabhadh san ailt, agus tá mise ag inse duid’, ar seisean, ‘nach bhfeicfidh tú an fear sin choíche ar ais, nó tá péist mhór thiar ansin atá faoi gheasa, agus tá sé réidh—tá tú réidh leis.’

Maidin an lá arna mhárach chuaigh—nuair a d’éirigh siad agus a bhí a bhricfeasta déanta ag Goll, d’fhiafraigh sé goidé a bhí le déanamh aige: ‘tabhair leat péire beathach’, arsa an máistir, ‘agus gabh siar agus treabhaigh thiar ins an ailt sin thiar.’

Thug sé leis péire na mbeathach siar leis, agus go díreach nuair a bhí sé tamalt beag ag treabhadh agus é thíos in íochtar na hailte, léim an phéist mhór amach. Shlog sí an chéad bheathach, agus a fhad is a bhí sí ag slogadh an dara beathach bhí an úim tarraingithe den bheathach ag Goll agus an úim ar an phéist. Agus chuir sé an phéist sa tseisrigh agus threabhaigh sé leis leis an phéist go dtí go rabh am stad ann. Tháinig sé chun an bhaile, agus nuair a tháinig sé isteach i dteach an mháisteara, bhí iontas go deo ar an mháistir agus ar a bhean nuair a chonaic siad chucu ar ais é, nó shíl siad go mbeadh sé slogtha.

‘Goidé mar a d’éirigh leatsa?’ arsa an máistir.

‘Ó, d’éirigh liom go breá’, arsa seisean, ‘ach tháinig péist mhór’, arsa seisean, ‘agus shlog sí na beithígh orm, ach chuir mé sa tseisrigh í’, arsa seisean, ‘agus threabhaigh mé liom.’

‘Agus cá bhfuil an phéist anois?’, ar seisean.

‘Tá sí amuigh ansin sa stábla’, arsa seisean. ‘D’fhág mé amuigh í.’

‘Ó, imigh agus fág an phéist sin san áit a bhfuair tú í’, arsa seisean, ‘agus beidh mé ina bhun a choíche duid.’

D’imigh sé. D’fhág sé an phéist ins an ailt mar a fuair sé í agus tháinig sé ar ais. Cha rabh eagla ariamh ar an mháistir go dtí ansin. Dar leis féin, ‘goidé atá mé ag gabháil a dhéanamh leat ar chor ar bith?’ D’imigh sé chuig an tseandall seo a rabh an fios aige agus d’inis sé.

‘Bhail, tá cuilceach agad’, arsa seisean, ‘agus tá eagla ormsa go mbeidh obair cos i bpoll a chur leis. Ach an bhfuil a fhios agad goidé a dhéanfaidh tú? Ar maidin amárach, nuair a éireochaidh sé, abair leis go bhfuil do mháthair mhór thíos in ifreann agus gur tusa is ciontaí le í a chur ann, agus go bhfuil tú buartha anois gur cuireadh ann í agus gur mhaith leat í a fháil ar ais. An rachadh sé síos go hifreann agus an dtabharfadh sé aníos do mháthair mhór?’

Ar maidin an lá arna mhárach, nuair a d’éirigh Goll, siúd an t-ordú a fuair sé, a ghabháil go hifreann agus a mháthair mhór a thabhairt aníos as ifreann—máthair mhór an mháisteara.

‘Bhail’, arsa Goll, ‘tá mé cinnte go bhfuil siúl fada go hifreann. Níl a fhios cá huair a bheas mé ansin ag siúl dhe mo chos. Caithfidh mé beathach a fháil.’

Ba é an dán doiligh leis an mháistir scaradh leis an bheathach, nó shíl sé nach—bhí sé i ndéidh péire acu a chailleadh ins an ailt, agus dar leis féin, ‘tá mé ag gabháil a chailleadh cionn eile anois.’ Ach mar sin féin bhéarfadh sé a bhfaca sé riamh, bhéarfadh sé an tsúil a bhí ina chionn, ach fáil réitithe de Gholl. Thug sé beathach dó. Cuireadh diallaid ar an bheathach. Chuaigh Goll dhe léim a mharcaíocht agus d’imigh sé sna featha fásaigh ag tarraingt go hifreann.

Nuair a chuaigh sé go geaftaí ifrinn scairt sé ag an gheafta an rabh máthair mhór an mháisteara sin astoigh ansin, agus chuaigh na diabhail sin a gháirí nuair a chuala siad an mana a bhí ag an fhear a bhí amuigh. Bhuail mothú feirge Goll nuair a chuala sé na gáirí agus beir sé greim dhá chois deiridh ar an bheathach. Bhris sé geaftaí ifrinn agus isteach leis agus thosaigh an tsúisteáil, agus shúisteáil sé leis go dtí go dtug sé a rabh dhe dhiabhail in ifreann, agus cé bith a bhí in ifreann ó bunadh ifreann, thug sé an t-iomlán acu aníos go dtí gur fhág sé thart fán doras ag an mháistir iad, agus ansin chuaigh sé isteach agus deir sé leis an mháistir, ‘Bhail, anois’, arsa seisean, ‘níl aithne agamsa ar do mháthair mhór ach tá sí amuigh ansin fríd an scaifte’, arsa seisean. ‘Gabh amach agus pioc féin do mháthair mhór amach as fríofa.’

Chuaigh an máistir go dtí an doras agus, Dia ár sábháil, nuair a chonaic sé an scaifte a bhí thart fán doras aige thit sé ina chnap i laige. Agus leoga bhí sé i laige tamall maith, agus nuair a tháinig sé as, ‘ó, a gheall ar Dhia’, arsa seisean le Goll, ‘agus ardaigh leat iad sin agus fág in ifreann ar ais iad. Agus bhéarfaidh mé do mheáchan féin óir duid agus cead a ghabháil chun an bhaile, nó cead a ghabháil do rogha bealach as seo amach.’

‘Bhail, ní bheidh mise i bhfad ag déanamh sin’, arsa Goll, ag breith dhá—greim dhá chois deiridh ar an bheathach a bhí amuigh ar an tsráid ar ais agus toiseacht gur shúisteáil sé—‘go hifreann libh’, arsa seisean. Chuaigh sé síos go dtí gur fhág sé thíos in ifreann iad ar ais. Agus nuair a bhí sin déanta aige ní rabh fágtha den bheathach ach na crúba. Bhí sé caite go dtí na crúba agus an t-am aige. Chaith sé crúba an bheithígh ag geaftaí ifrinn agus aníos leis chuig an mháistir. Agus chuaigh an máistir—chuir an máistir ar na scálaí é agus fuair sé amach goidé an meáchan a bhí sé, agus chuaigh sé amach agus thug sé a mheáchan féin óir do Gholl, agus bhí mála mór d’ór ann nuair a bhí meáchan Ghoill ann, agus cead a ghabháil chun an bhaile.

D’imigh Goll leis agus a chuid óir leis agus bhain sé an baile amach. Agus bhí an dubhiontas go deo ar a mháthair, nó ní rabh sí ag dúil leis comh gasta sin, agus nuair a chonaic sí mála an óir leis chuir sí ceist air, faoi Dhia goidé mar a rinn sé a shaibhreas in comh goirid sin dhe am. Agus goidé a rinn Goll ach toiseacht agus an scéal a inse daoithe, achan chor agus achan lúb ár chuir sé dó ón lá a d’fhág sé, d’inis sé don mháthair é. Ar ndóighe bhí sé féin agus a mháthair ag gabháil ar aghaidh agus iad ag gabháil ar rothaí an tsaoil—á rolladh féin i só an tsaoil—ina dhéidh sin, ach ar ndóighe fá dheireadh bhuail an bás an mháthair agus fuair an créatúr bás. Agus nuair a bhí sí marbh bhí Goll ansin leis féin, ach ní rabh i bhfad. Tharraing sé air bean agus pósadh é. Agus sin a fhad agus a lean mise iad, nó dar liom féin go rabh greim astoigh fá dheireadh aige a bheadh obair aige a chognadh.