An Óige, an Saol Mór agus an Bás

John Ghráinne Ó Duibheannaigh

Lá de na laetha agus uair de na huaireannaí á rabh Fionn Mac Cumhaill agus a mhórshlóite amuigh ag seilg fríd garbhshléibhte Thír Chonaill, d’éirigh gearria roipiu agus lean an chonairt an gearria agus ar ndóighe na Fianna ina dhéidh sin. Agus mhair an rása ó bhí luath ar maidin ann go dtí go rabh sé ag titim síos le clapsholas tráthnóna. Agus nuair a bheadh an gearria in íochtar gleanna, bheadh an chonairt ar bharr cnoic, agus nuair a bheadh an chonairt in íochtar gleanna, bheadh an gearria ar bharr cnoic. Agus lean siad den ealaín sin, mar a d’úirt mé, ó bhí luath ar maidin ann go dtí go rabh an tráthnóna beag ann, agus chuir an gearria folach cnoc orthu. D’fhág sí síos siar—d’fhág an gearria síos siar ina ndéidh iad agus d’imigh sí; d’imigh an gearria.

Shuigh siad síos ar mhaolchnoc beag a bhí sa tsliabh go ndéanadh siad a scíste, nó bhí siad tuirseach i ndéidh an rása. Agus go díreach mar a bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile, thit cnap ceo anuas ina mullach—ceo iontach dlúith: níor léir duid do mhéar romhad.

‘Bhail, a fheara’, arsa Fionn Mac Cumhaill lena chuid fear, ‘mur nglanaí an ceo seo in aichearracht tá muid ag gabháil a bheith caillte sa tsliabh agus gan beo nó ceo—nó baistíoch beo ar ár n-amharc nó ar ár n-éisteacht.’

Leis sin féin, tugaidh sé ruball a shúl síos gleann a bhí ina luí roipiu agus tí sé eadar é agus léas, thíos in íochtar an ghleanna, solas beag—marbhsholas. Chuir sé ceist ar a chuid fear an rabh aon duine acu ábalta ar an solas a fheiceáil a rabh seisean ag amharc air, agus d’úirt siad uilig as béal a chéile nach bhfaca siad sin solas ar bith.

‘Maith go leor’, ar seisean, ‘rachaidh mise ar thús cadhnaíocht agus fiachfaidh mé leis an eolas a dhéanamh daoibh go dtí an solas, agus b’fhéidir go bhfaighidh muid dídean na hoíche go maidin, nó, mur bhfaghaidh, tá muid ag gabháil i ndrochdhóigh.’

D’éirigh siad agus d’imigh siad ag tarraingt ar an tsolas agus Fionn ar tús. Shiúil siad leo seal go hioscallaí—seal go hioscadaí agus seal go hascallaí go dtí go dtáinig siad cóngarach don tsolas agus, nuair a fuair siad an fad sin, goidé a bhí ann ach teach mór breá fada fairsing, agus bhí an dubhiontas go deo ar na Fianna a leithéid dhe theach bhreá a bheith astoigh in áit iargúlta cosúil leis na cnoic. Chuaigh siad suas go dtí an teach agus bhí an doras ina luí foscailte. Chuir Fionn a chlaigeann isteach ar an doras. Ní rabh mórán astoigh. Ní rabh a dhath le feiceáil aige ach caora a bhí ceangailte thiar i gcúl an doras druidte. Agus d’amharc sé suas bealach na clúdach agus bhí seanduine iontach aosta ina shuí ar cathaoir insa chlúdaigh. Chuir sé ceist ar an tseanduine. Anois, bhí an seanduine seo iontach aosta. Bhí claigeann gruaige air a bhí ag cumhdach a dhá ghlún, agus bhí locaíocha féasóige air a bhí ag cumhdach a dhá shlinneán agus, i dtaca leis an scíon a bhí ina shúile, bhí an scíon a bhí ina shúile mar a bheadh an bás ann. Chuir Fionn Mac Cumhaill ceist air an dtiocfadh leis féin agus lena chuid fear lóistín an toigh a fháil go maidin. D’amharc sé orthu agus d’úirt sé, ‘gheobhaidh sibh lóistín anseo go maidin má bhíonn múnadh oraibh agus mur rabh, caithfidh sibh a ghabháil amach.’

Chuir seo dubhiontas ar na Fianna—a leithéid de smachladh cainte ag an tseanduine sin. Ach ba bhuí bocht leofa foscadh an toigh a fháil, agus isteach leo agus shuigh siad uilig go léir thart a chois na mballaí agus iad ag dúil le oíche mhór seanchais agus scéaltach ón tseanduine aosta seo, ach a mhalairt a bhí amhlaidh. Ní rabh focal as an tseanduine, ach go díreach nuair a chuirfí an cheist air go dtabharfadh sé freagar ar an cheist agus ansin bheadh sé ina thost go dtí go gcuirfí an dara ceist air.

Leis sin féin, scaoil an chaora a bhí i gcúl an doras druidte nó, mar a deir muid inne anseo, thug sí a cionn as an nasc, agus aníos léithe go dtí gur sheasaigh sí ar leac na tineadh.

‘Éireadh fear agaibh’, arsa an seanduine leis na Fianna, ‘agus ceangladh sé an chaora sin thíos an áit a rabh sí.’

D’éirigh Oscar—is é a ba deise don chaora san am—agus bheir sé ar an chaora. Ach thug an chaora sucadh dena chlaigeann dó agus d’fhág sí sínte ar shlait a dhroma i lár an urláir é. Ansin d’éirigh Oisín agus bheir Oisín ar an chaora, ach rinn sí an cleas céanna le Oisín: chuir sí Oisín ar shlait a dhroma i lár an urláir fosta. Bhí Fionn Mac Cumhaill ina shuí agus a dhroim le binn na tineadh agus d’éirigh sé.

‘Bhail, a fheara’, ar seisean, ‘is iomaí náire a thug sibh domhsa ariamh agus is iomaí áit a mb’éigean domh ceart fir a sheasamh daoibh, ach níor thug sibh riamh náire domh comh mór is atá sibh a thabhairt anocht damh.’

Anuas leis dhe rúchladh ó bhinn na tineadh agus beiridh sé ar an chaora ag brath í a thabhairt eadar chorp agus chleiteacha go cúl an dorais ach, mise ag inse duidse, á ghaisteacht agus a chuir sí síos an péire eile, chuir sí síos Fionn Mac Cumhaill lán comh gasta. Chruinnigh Fionn é féin suas agus an bheirt eile, agus shuigh siad thart go tostach agus náire orthu. Agus d’éirigh an seanduine, chuir sé a bhata le taca agus d’éirigh sé go hanacaireach ón chathaoir, agus bheir sé greim ar an chaora agus gan bhraodar ar bith, thug sé an chaora go cúl an dorais agus cheangail sé an chaora. Agus ar a bhealach aníos d’amharc sé ar na Fianna agus d’úirt sé leo, ‘ba leor do chailleach an cineál sin oibre a dhéanamh’, agus ansin shuigh sé síos ins an chathaoir arís.

Tamall ina dhéidh sin chuir sé ceist ar na fir an rabh ocras orthu agus d’úirt siad uilig go rabh, agus é le rá acu, nó ní bhfuair siad aon ghreim ó mhaidin roimhe sin.

‘Bhail’, ar seisean, ‘caithfidh sibh greim bidh a fháil.’

Bheir sé ar an bhata arís. Buail sé cnag ar chomhla dhoras an tseomra a bhí ar a chúl agus anuas as an tseomra le cailín deas óg, ó, bhí sí galánta. Agus bhí sí ag gabháil thart le Fionn agus le—nó le Oscar agus ní rabh neart ag Oscar air: bheir sé greim láimhe orthai. Ach tharraing sí an lámh eile agus bhain sí macalla amach as bun a chluaise. Agus d’úirt sí leis nuair a bhí sise aige nár shíl sé mórán daoithe. ‘Ach’, ar sise, ‘ní bheidh mé agaibh arís.’

Thoisigh sí ansin agus rinn sí tráth bidh a ghiollacht do na Fianna. Shuigh siad isteach agus d’ith siad tráth comh blasta agus a d’ith siad dhá uair ariamh ina saol. Nuair a bhí an bia caite acu shuigh siad thart arís agus tamall ina dhéidh sin chuir an seanduine ceist orthu an rabh siad tuirseach, nó ar mhaith leo néal a chodladh. Agus ar ndóighe ba é sin an guth a fuair an fhreagar ag na Fianna, nó bhí siad tuirseach. D’úirt siad go rabh.

‘Maith go leor’, ar seisean, ‘tá seomra thíos ansin agus gabhaigí síos agus gabhaigí a luí agus codlaigí mur sáith go maidin.’

Síos leis na Fianna. Bhí siad dhá chlaigeann déag fear ann agus bhí sé leapacha cóirithe insa tseomra. Chuaigh beirt ar achan leabaidh agus ní mó ná go rabh siad astoigh sa leabaidh mar ba cheart go dtí go rabh siad ina gcnap chodlata.

Ach an dá luath géar agus a tháinig ball bán ar an lá ar maidin an lá arna mhárach, bhí Fionn Mac Cumhaill ina shuí, agus d’iarr sé ar a chuid fear éirí go gasta, nó go mbeifí ag fanacht sa bhaile leo. D’éirigh siad uilig. Chuaigh achan fhear dhe léim ina cheirteach comh tiubh géar agus a tháinig leis agus aníos leo chun na cistineach. Ach i ndéidh comh luath agus a bhí siad ina suí bhí an cailín óg seo ina suí roipiu agus a mbricfeasta réidh ar an tábla fána gcoinne. Shuigh siad isteach agus d’ith siad bricfeasta, agus bricfeasta blasta, agus nuair a bhí sin déanta, bhí siad réidh le gabháil i gcionn an bhealaigh chun an bhaile. Ach sular imigh siad d’úirt Fionn Mac Cumhaill leis an tseanduine a bhí ina shuí sa chlúdaigh gur mhaith leis—go rabh siad ag imeacht anois ach gur mhaith leis sula n-imeadh siad baochas, agus baochas mór, a thabhairt dó ar shon comh cineálta agus a chaith sé leo ó tháinig siad ansin aréir roimhe sin.

‘Anois’, ar seisean, ‘sula n-imí muid, tá trí ceisteannaí a ba mhaith liom a chur ort.’

‘Bhail, gabh ar aghaidh’, arsa an seanduine, ‘agus mur bhfuil siad róchruaidh dhéanfaidh mise do chuid ceastóireacht a fhreagairt agus má tá siad róchruaidh, bhail, bíodh acu.’

‘Bhail, an chéad cheist a ba mhaith liom a chur ort’, arsa Fionn, ‘tháinig muid inne anseo aréir’, arsa seisean, ‘agus is é an dearcadh atá againn nach bhfuil dhá chlaigeann déag fear ar bith in Éirinn a bheadh ábalta ar muid a cheansú dá dtéadh sé sna stacaí sin dó, agus d’úirt tusa linn, agus tú i do sheanduine chaite liath, go gcaithfeá amach ar an doras muid mur mbeadh múnadh orainn. Chuir sin iontas agus iontas mór orainn. Sin an chéad cheist. Agus an dara ceist’, arsa seisean, ‘an chaora seo i gcúl an dorais—ní rabh mise ná aon fhear de mo chuid fear ábalta ar an chaora sin a chur i gcúl an dorais agus a cheangal insan áit a rabh sí, agus d’éirigh tusa agus cos amuigh agus cos astoigh san uaigh agad, agus gan bhraodar ar bith thug tú an chaora agus cheangail tú i gcúl an dorais í. Chuir sin iontas millteanach orainn’, ar seisean, ‘agus sin cionn eile de na ceisteannaí a ba mhaith liom a chur ort. Agus’, arsa seisean, ‘an cheist is mó atá ag déanamh iontais dúinn den iomlán—an cailín óg seo a tháinig anuas as an tseomra, ní cuimhneach liomsa ná le aon fhear de mo chuid fear go bhfaca muid an cailín óg sin ariamh aroimhe ar bhuille ár ndá súil. Agus d’úirt sí linn, nuair a bhí sí againn nár shíl muid mórán daoithe, ach nach mbeadh sí againn aríst. Níl muid ábalta ar bun ná barr a dhéanamh de sin’, arsa seisean.

‘Ó, bhail’, arsa an seanduine, ‘níl tú as bealach ar chor ar bith le do chuid ceastóireacht agus bhéarfaidh mise freagar orthu. Agus ó tharla’, arsa seisean, ‘tú ag caint ar an chailín óg sin nach bhfuil tú ábalta ar bun ná barr a dhéanamh den scéal, inseochaidh mise duid é. Sin an Óige’, ar seisean, ‘agus nuair a bhí an Óige agaibhse níor shíl sibh mórán den Óige. Leoga’, arsa an seanduine, ‘is iomaí masla agus anró a thug sibh don Óige nach rabh tuillte ag an Óige, ach’, ar seisean, ‘ní bheidh an Óige agaibh aríst. An uair amháin a imeas an Óige’, arsa seisean, ‘ní philleann an Óige. Sin’, ar seisean, ‘an cailín óg a tháinig anuas as an tseomra. Agus i dtaca leis an chaora dó, i gcúl an dorais’, ar seisean, ‘sin an Saol Mór. Agus tá sibhse ag leagan amach go bhfuil sibh breá láidir agus nach bhfuil mur macasamhail le fáil ins an tír, ach tá mise ag inse anois daoibh’, arsa seisean, ‘go bhfaighfear mur mbuaidh. Gheobhaidh. Sin—an Saol Mór—’, ar seisean, ‘an chaora, agus is cuma goidé comh láidir libh nó goidé comh hurrúnta libh nó goidé comh cliste libh, gheobhaidh an Saol Mór buaidh oraibh. Agus’, arsa seisean, ‘cuirfidh an Saol Mór síos sibh go dtí nach bhfuil sibh ábalta ar mórán a dhéanamh ach amharc ar goidé atá ag gabháil ag daoiní eile. Agus’, ar seisean, ‘bhí sé ag cur iontas mór ort—mise’, arsa seisean, ‘bhail, inseochaidh mise cé mise. Mise an Bás agus mise fear—mise a chuirfeas an ordóg ar mur súil uilig an lá deireanach, ordóg an bháis.’

D’amharc Fionn Mac Cumhaill thart go bhfeiceadh sé goidé a shíl a chuid fear den mhanadh a bhí ag an tseanduine, ach nuair a thug sé a aghaidh arís bealach na clúdach fuair sé é féin amuigh ar thaoibh sléibhe ina sheasamh ansin ar thaoibh cnoic agus gan a dhath thart ach a dtaobh dó ach caoirigh agus gabhair ag ingheilt.