Caoilte Mac Crannchair

Donnchadh Chassie Ó Baoill

Lá de na laetha agus uair de na huaireannaí á dtearn Fionn Mac Cumhaill agus a chuid Fianna seilg i nGleann na Smál. Phill siad chun an bhaile an tráthnóna seo, ach chan le málaí folamh. Bhí greim maith bidh réidh fána gcoinne agus d’ith siad go fonnmhar é, nó bhí an t-ocras orthu i ndéidh an tsiúil. Nuair a bhí an bia caite acu shuigh siad thart, achan bheirt agus achan triúr agus a gcathamh aimsire féin acu. Chuaigh Caoilte Mac Crannchair Mac Rónáin agus Diarmad Ó Duibhne a dh’imirt cluiche fichille agus bhí sin acu, cluiche mór fada righin, nó ba mhaith an dá imreoir iad. Chruinnigh na fir thart ina dtimpiall á mbreathnú agus cibé nach rabh ann bhí Conán Maol ann, agus ní údar suaimhnis in áit ar bith a bhí ann. Nó ní fhacaidh Conán a bhuille buailte ar shlí ariamh nár bhuail sé, ná aon fhocal ráite ar shlí ariamh nár úirt sé. Mhair an cluiche go rabh sé déanach san oíche, ach fá dheireadh fuair Diarmad an bhuaidh.

‘Tá tú buailte’, arsa Conán le Caoilte.

‘Maise níl’, arsa Caoilte, ‘ní rabh mé ach ag amaidí.’

‘Glaim ón choin i ndéidh a sáiriú’, arsa Conán, ‘rinn tú do sheacht ndíchealt agus chaill tú.’

Ba as sin a tháinig. Thoisigh an troid ag an bheirt acu. Chuaigh an chuid eile de na Fianna sa spairn, achan fhear i leith a fhir féin. Chuaigh Goll Mac Móirne i leith Dhiarmada agus ba doiligh Goll a chur faoi smacht. Nuair a chonaic Fionn an chosúlacht a bhí orthu, d’éirigh sé agus d’úirt sé gur bhain Diarmad an cluiche go hionraice, agus ar an ábhar sin nár chóir do Chaoilte a bheith ag brú bruíon. Shocair sé na fir agus chuaigh siad a luí. Chuaigh Caoilte a luí fosta, ach ní sásta ná leathshásta a bhí sé do Fhionn. Agus ba an deireadh a bhí ar an scéal gur leag sé amach go dtréigfeadh sé na Fianna.

Maidin an lá arna mhárach nuair a bhí na fir uilig ina gcodladh d’éirigh Caoilte, thug leis a chlaidheamh agus d’imigh leis. Maidin dheas chiúin shamhraidh agus na héanacha ag seinm ins na crainn, shiúil Caoilte leis nó gur chuir sé cnoic agus gleanntáin eadar é féin agus áit chónaithe na bhFiann. Teacht an mheán lae dó, tháinig sé a fhad le sruthán. Chrom sé síos sa tsruthán a dh’ól deoch uisce agus nuair a bhí sé ag ól an uisce chuaigh carria mór de léim thart leis. Ach ba mhaith an mhaise do Chaoilte é, chaith sé urchar dhe chlaidheamh ina déidh agus steall sé cionn de na hadharca daoithe. Ach d’imigh an carria mar a shlogfadh an t-aer is an talamh í agus ní fhacaidh Caoilte an dara hamharc orthai.

H’m’, arsa Caoilte, ‘is mairg nach rabh mo chú mór liom. Dá mbeadh, ní imeochadh an carria sin comh haigeantach sin.’

Chuaigh Caoilte trasna an tsrutháin an áit a rabh a chlaidheamh ina luí briste agus adharc an charria ina luí ag a thaobh. Bhí brón ar Chaoilte fá bhriseadh an chlaidhimh, nó ní rabh an dara hairm cosanta aige ach, fá dheireadh, thóg sé é agus d’imigh leis. Shiúil sé leis nó go dtáinig an neoin bheag agus deireadh an lae, nó go dtáinig sé a fhad le coillidh, agus chuaigh sé isteach in ascallán na coilleadh a chuartú áit a leagfadh sé a chionn go maidin. Nuair a bhí sé ag siúl fríd an choillidh chonaic sé tom sméar in aice leis. Rinn sé ar na sméara, nó bhí ocras air.

Nuair a bhí sé tamalt ag ithe na sméar chuala sé trup taobh thiar dó agus thug sé thart ruball a shúl agus tíonn sé ag déanamh air eascainn nimhe a chuaigh in ainmhéid. Ba é sin nuair a bhí sé san fhaopach. Bhí a chlaidheamh briste, ach chonaic sé crann in aice leis agus rinn sé air go dtína bharr. Ach lean an eascainn é agus ag brath é a shlogadh, ach nuair a bhí sí fá shlat dó ag barr an chrainn, bhuail sé í le leath a chlaidhimh a bhí ina lámh leis agus thit sí síos go talamh. Bhí sí tamalt ag lúbarnaigh fá bhun an chrainn go dtearn sí fead agus chruinnigh seacht nó ocht d’eascannaí eile thart orthai. Thug na heascannaí am cruaidh do Chaoilte go maidin ach, teacht an lae, tháinig iolar mór thart agus sciob sé cionn acu leis ina chrúba agus theith an chuid eile acu fríd an aer.

Nuair a fuair Caoilte an casán réitithe, bhain sé na bonnaí as agus é buíoch beannachtach den iolar a thug cead a choise dó. Shiúil Caoilte leis nó go dtáinig sé go dtí abhainn a bhí ina rith eadar dhá ghleann. Bhí bothóg fód ar bhruach na habhna. Bhí gabhar ar téad ar sraith na habhna agus carria, agus gan air ach aon adharc amháin, ag ingheilt lena thaobh. Chuaigh Caoilte suas go doras na bothóige agus d’amharc sé isteach. Bhí seanchailleach liath ina suí a chois na tineadh agus stán sí go géar ar an fhear a dhall an doras.

‘Tá tú cosúil’, ar sise, ‘le fear a bheadh ag teitheadh as teangmháil.’

‘Maise’, arsa Caoilte, ‘más fiúntach agam le rá é is ag teitheadh as teangmháil atá mé.’

‘Agus’, ar sise, ‘goidé an gábhadh mór a dtáinig tú fríd nuair atá do chlaidheamh briste?’

D’inis Caoilte an scéal daoithe agus, ar seisean, ‘níor bhlas mé an bia le trí lá agus nach mithid domh ocras a bheith orm?’

‘Bhail’, ar sise, ‘ní rabh mise ariamh dúrúnta ná danartha. Tar isteach agus gheobhaidh tú an cineál bidh atá agam.’

Ba é sin an guth a fuair an freagar. Chuaigh Caoilte isteach agus shuigh sé ag an bhord. Chuir an chailleach gogán bainne gabhair agus toirtín aráin choirce ina lámh, agus d’iarr air a shuipéar a dhéanamh. Ach comh luath géar agus a bhí an greim deireanach ite aige thit sé thart ina chodladh. Agus nuair a bhí sé ina chodladh rinn sé brionglóideach go dtáinig teachtaire chuige ó Fhionn Mac Cumhaill ag iarraidh air pilleadh chun an bhaile arís. Mhuscail Caoilte suas agus d’amharc sé thart. Ní rabh an chailleach le feiceáilt aige thíos thuas, thoir ná thiar. Bhí a chlaidheamh ina luí ar an tábla, cóiriste san dóigh nach n-aithneochadh súil á dteachaigh i gclaigeann ariamh go rabh sé briste. Bheir Caoilte ar an chlaidheamh agus thug sé léim amach ar an doras.

Bhí an gabhar ar téad ar sraith na habhna agus an carria, agus a dhá adharc air, ag ingheilt lena thaobh. Dar le Caoilte go rabh an áit faoi gheasa, agus bhain sé na bonnaí as ag déanamh chun an bhaile agus a chlaidheamh ina lámh leis. Sheachain sé an choillidh a dtáinig na heascannaí air an oíche roimhe sin agus ní thearn sé stad ná mórchónadh nó go dtáinig sé go dtí an dún a rabh Fionn agus na Fianna ag baint faoi ann.

Nuair a tháinig sé i láthair bhí an mhórchuid de na fir ag iomáin ar an fhaiche, ach níor thóg fear ar bith acu a chionn leis, amach amháin Conán. D’amharc Conán air agus rinn sé racht mór gáire agus chuaigh ar aghaidh leis an iomáin. Bhí an chonairt uilig cruinn fána gcosa, ach níor chroith cionn ar bith acu a ruball le lúcháir roimhe, agus ní tháinig a chú mór féin ina araicis. Rinn siad uilig eadar fheara agus chonairt neamhiontas dó. Chuaigh Caoilte isteach chun an toigh agus chuaigh sé a luí go briste brúite brónach, agus ní bheadh deifre air gabháil i mbéal a chinn arís. Fuair sé fios óna shiúl gur fann guth an éin a labhras leis féin ar thulaigh nó ar thaobh na mónadh.