Na Forainmneacha Réamhfhoclacha
Bíonn domh, duid, dó, srl., sa leabhar seo san áit a mbeifí ag súil le díom, díot, de, srl., sa Chaighdeán, mar shampla nach bhfuil tú ag gabháil a fháil réitithe domhsa; goidé mar a gheobhadh sí réitithe daofa; bean an fhir ruaidh a rinn gual domh in aice mo chroí; a thógfadh cian domh; rinn mé … seanduine duidse agus seanbhean domh féin; ‘mar sin dó’, ar seisean, ‘bog leat’; rinn trí chuid dó (‘made three bits of it’); a rá is dó. -d is críoch do fhoirmeacha an dara pearsa uatha sna samplaí seo a leanas: agad, asad, chugad,duid, ionad, uaid, romhad. Seo a leanas dornán foirmeacha eile nach bhfuil luaite in FGB: daoi (= di); faoim (= fúm), faoithe (= fúithi); fríthe (= tríthi); orthai (= uirthi); romh (=roimhe); roipi (= roimpi), roipiu (= rompu); uadh (= uaidh).