An Ghaeltacht Bheo

Bríd Anna Ní Bhaoill

 Bríd Anna a chum

Seo dán a scríobh mise, Bríd Anna, i mí na Nollag, bliain an dá mhíle, le ceiliúradh a dhéanamh ar mo bhaile dhúchais agus fosta ar an cheiliúradh mór a bheas againn i mí na Bealtaine in dhá mhíle is a haon nuair a bheas muid ag ceiliúradh seachtó is a cúig bliain bunaithe Choláiste Bhríde Rann na Feirste.

Is é an áit é is deise sna Rosa,
Is tá an fharraige ag gabháil thart lena thaobh,
Sin Rann na Feirste, an Ghaeltacht is deise le fáil,
Sínte comh bródúil eadar dhá ghaoth,
Le loinnir na gréine ag soilsiú san uisce
Atá sa chuan ina luí.

Ba Pádraig agus Seán an chéad bheirt
A rinn an éacht i mbliain seacht gcéad tríocha a sé,
Le oidhreacht agus dúchas ár sinsear
A choinneáilt in ard a réim.

Theip ar an Ghaeilic in Óméith.
Bhí brón agus buaireamh ar an Athair Ó Muirí.
Ach, le comhairle an Chairdinéalach Uí Dhónaill
Thug sé é go Rosa Thír Chonaill.

Shiúil siad fríd gleanntáin is méilte Cheann Dubhrann,
Nó go dtí go dtáinig sé ar áit
Ar thit sé go mór leis i ngrá.

Chuir sé Dálaigh na sráide i mbun oibre,
Is lena ndúthracht is a ndílseacht don tsagart mhór
Ní rabh i bhfad go rabh an t-ollscoil tógtha
Nach rabh, is nach bhfuil, a sárú le fáil.

Tá trácht in gach áit ar scríbhinní Mháire agus Sheosaimh,
Gan dearmad a dhéanamh den Dálach,
A choinnigh an bladhaire ar lasadh
Do phobal an domhain go léir.

Tá cliú agus cáil ar na scéalaithe is ar na filí,
Agus tá siad ag coinneáil brat na gConallach in airde
Le corradh agus dhá chéad bliain.

Ó, nach siomaí lá mór glórmhar a bhí againn
Le trí scór bliain,
Ach an lá ab iomráití a bhí ariamh againn
An lá a tháinig an Cairdinéalach Tomás Ó Fiaich.

Tá forbairtí tagtha ar an bhaile
Le blianta beaga anuas,
Ach is cinnte gur seo an ceantar
Ina bhfuil an Ghaeilic bheo.

Ár mbeannacht leis na laetha a bhí
Nach bpilleann arís go deo.
Ach, a chairde, níl áit ar an domhan
Cosúil le mo bhaile féin,
Sin Rann na Feirste, an Ghaeltacht bheo.