Ceann Dubhrann

Fannie Dónaí Bean Mhic Ruairí

Fannie Dónaí a Chum

A Cheann Dubhrann, a Cheann Dubhrann, dúis suas as an tsuan seo.
Croith duid na geasa agus réitigh do scornaigh.
Déan scairt a mbeidh gáir léithe a chluinfear i bParthas
Is cruinnigh do chloinn ort mar tá tusa i ngéibheann.

Luigh tú sna geasa gur fágadh ar blár thú
Gur díbreadh do chloinnsa go ciúin is go fáilí.
Thar sáile a bhí i ndán dóibh is an choigríoch ag stánadh
Nó gur phlandáil do ghlúntaí ar fud an domhain chláir.

Chodlaigh tú sámh is na geasa go buan leat
Gur fuadadh uaid filíocht, fiannaíocht is amhráin.
Fuadadh uaid scríbhneoireacht, scéaltaí agus ceoltaí
Is d’fhág tú bodaigh na hÉireanna ag líonadh a gcuid pócaí.

Cuireadh ceal ar do scoil a bhuaigh teastais is céimtaí,
Is luigh sí seal aimsir eadar na béamtaí
Gur dhearc Rí na cruinne a rabh aige na réantaí
Is gur chumhdaigh sé in d’ochras í amach as na néaltaí.

Sciobadh do choire a mhaíodh colainn is cnámh ort
Is cuireadh glaicín go glic air in oileán sa bháighe.
Sciobadh aríst é is é scoite go scrábach
Is fágadh i ‘bhFáras na Naomh’ é is é gaibhte mar sclábhaí.

Anois, mise Ceann Dubhrann is mé muscailte scanraithe,
Is mo bheannacht go buan leis an mhéid sin dár sáradh,
Ach mo choire ní chuirim is ní chuirfead san áireamh,
Ná, beidh agamsa an coire; sin, nó cúiteamh is cáineadh.

Mhuscail siad suas mé nuair a chuala mé ag rá iad
Gur chóir daofa an Ghaeilic seo a dhéanamh breá éascaidh,
Ach b’fhearr leofa líofa í mur mbeadh inti ach gríodán
Dá mbogfaí a gcuid cliabhán fá mhéilte Cheann Dubhrann.

Nótaí

  1. ‘Luigh sí seal aimsir eadar na béamtaí’ (véarsa a ceathair, líne a dó): deirtear go mbíonn duine atá tinn ‘ina luí eadar an dá bhéam’. Is é an chiall atá leis seo, go mbíonn duine atá tinn lá go maith agus lá go holc. I dtaca le scoil Rann na Feirste dó, ní rabh a fhios ag daoiní cé acu an ndruidfí an scoil nó an bhfágfaí foscailte í: bhí sí ‘eadar na béamtaí’.
  2. ‘Do choire’ (véarsa a cúig, líne a haon): seo coire a dtearnadh sú ann sa cheantar le linn an Drochshaoil.
  3. ‘Fáras na Naomh’ (véarsa a cúig, líne a ceathair) = ainm filiúnta ar eaglais Phrotastúnach an Bhun Bhig.