Conall Mhéabha

Micí Sheáin Néill Ó Baoill

Bhí fear ina chónaí uair amháin thoir i mBun an Inbhir a rabh Pádaí Ó Collaigh air. Agus bhí sé póstaithe ar bhean a rabh Méabha Shéarlais orthai. Ní rabh acu mar theaghlach ach aon mhac amháin, agus Conall a bhí ar an mhac, agus as a mháthair ariamh a bhí Conall baistithe—Conall Mhéabha. Ach nuair a bhí Conall seacht mbliana de aois fuair an t-athair bás. Agus scéal brónach a bhí ann san am sin, nó ní rabh teacht mórán isteach ag duine ar bith ins an áit seo, ach thóg a mháthair é ó laige go neart. Bhí beathach capaill acu nuair a fuair an t-athair bás, agus choinnigh sí an beathach agus bhí sí féin á oibriú. Bhí sí ag treabhadh san earrach leis, ag carraíocht mónadh sa tsamhradh, agus i ndeireadh na bliana bhí sí ag tarraingt muiríní anoir as Machaire an Rabhartaigh leis. Agus ní bhfuair sí aon ainm i nGaoth Dobhair ach Méabha an Ghearráin. Ach nuair a d’fhás Conall aníos nó go rabh sé dhá bhliain agus fiche de aois—agus ins an am seo fuair a mháthair bás. Ach d’fhan sé ina bun ar fad, agus bhí sé—bhí grá mór aicise air agus bhí seisean mar an gcéanna léithe. Agus i ndéidh a mháthair bás a fháil phós sé cailín anoir as Doire Chonaill—cailín óg a bhí inti—agus thug sé anoir a chónaí go dtí áit ina bhaile féin í, ach bhí sise míshásta leis an obair gharbh a bhí i mBun an Inbhir: ag cur barr ins an earrach agus ag gabháil do mhóin agus ag blí eallaigh agus rudaí mar seo, agus bhí sí i gcónaí ag gabháil dó ó pósadh iad, ag iarraidh an áit a dhíol agus a ghabháil anonn go hAlbain agus teach a ghlacadh ann. Ach níor mhaith le Conall an ghreim a bhí aige a chailleadh. Ach nuair a bhí siad trí bliana póstaithe agus beirt de theaghlach ann fuair sí é a mhealladh i dtús an earraigh leis an áit a shuí agus a ghabháil anonn go hAlbain. Agus d’imigh sé agus dhíol sé an méid bólachta a bhí aige agus an beathach mar an gcéanna, agus nuair a bhí deireadh díoltaithe aige eadar bharr agus eile shuigh sé an áit le comharsanach, agus d’imigh sé féin agus a bhean agus na páistí ag tarraingt go Glaschuain.

Chuaigh siad amach go Doire fá choinne a ghabháil trasna na báighe an oíche sin ach ní rabh bád ar bith ag seoladh, agus b’éigean daofa baint faofa i nDoire an oíche sin. Agus chuaigh siad go dtí sráid chúil i nDoire chuig daoiní a rabh eolas acu orthu, agus fuair siad lóistín na hoíche acu go maidin. Nuair a tháinig am luí thaiseáin bean an toigh daofa an seomra a rabh siad ag gabháil a chodladh ann. Chuaigh an bheirt isteach agus na páistí mar an gcéanna, agus chuaigh siad a luí agus thit an bhean ina cnap chodlata. Agus thúsaigh Conall ag smaoitiú ar an am a bhí caite agus ar an am a bhí roimhe, agus chuaigh sé a bheagán nó a mhórán thairena chodladh, agus i dtrátha an dó a chlog ar maidin d’éirigh sé amach fá choinne toit den phíopa a chathamh. Bhí oíche smúidghealaí ann. Bhí an tsráid iontach suaimhneach, agus d’amhanc sé amach ar fhuinneog an tseomra agus tí sé beirt fhear ag tarraingt aníos ar an tsráid, mála mór toirteach le fear acu ar a dhroim, ach ba é an chuma a bhí air nach rabh mórán meáchain ann. Agus nuair a tháinig siad aníos go dtí fuinneog an tseomra thóg siad leac amach as an tsráid agus chuir siad an mála isteach faoin leac.

Chuaigh Conall a smaointiú goidé—cá rud a bhí leofa nuair a chuir siad isteach anseo é, agus chuaigh sé isteach a luí agus las sé an píopa agus thit sé ina chnap chodlata. Agus ar maidin nuair a mhuscail sé bhí dhá phéas ina seasamh ag colbha na leapa agus fear an toigh leofa, agus chuir siad ceist air cá ainm agus cá shloinneadh é; cá huair a tháinig sé; cén bealach a tháinig sé. Ach fhreagair Conall achan uile cheist, agus nuair a bhí deireadh na gceisteannaí freagraithe aige shiúil an dá phéas leofa amach, agus rinn fear an toigh iad a chomóradh go dtí an doras. Agus phill sé isteach aríst agus d’inis sé do Chonall gur briseadh isteach bainc thíos anseo aréir agus gur tugadh ar shiúl trí mhíle punta aisti; agus go rabh fáinne déanta ag na péas thart ar an chathair, dá—duine ar bith a tháinig isteach mall nó luath a chuartú agus eolas a chur fá dtaobh daofa.

Smaointigh Conall sa bhomaite gur seo an taiscidh a bhí leis an dá ógánach a rabh an mála leo.

‘Nárbh iontach’, arsa Conall le fear an toigh, ar seisean, ‘nach bhfuair siad fear a rabh fios aige?’

‘Goidé … fear é sin?’, arsa fear an toigh.

‘Tá’, arsa Conall, ‘fear a bheadh ábalta eolas a thabhairt daofa cá háit a bhfuil sin curthaithe acu.’

‘Níor mhothaigh mé a iomrádh ariamh’, arsa fear an lóistín.

‘Bhail, chuala mise’, arsa Conall, ‘agus sin an obair a bhí agam sa bhaile’, ar seisean, ‘ná, d’éirigh na daoiní comh heolach sa deireadh orm’, ar seisean, ‘is nach ndéanfadh—ndéanfaí a dhath ar bith as casán, nó bhí a fhios acu go mbeinn ábalta inse orthu.’

‘Bhail, tá tú rófhada’, ar seisean, ‘gan iad eolas a fháil fá dtaobh duid.’

Chuaigh fear an lóistín amach agus d’inis sé don phéas a bhí ar garda ar an tsráid fá Chonall. Tháinig an péas isteach agus chuir sé ceist ar Chonall a rabh sé dáiríribhe.

‘Tá, cinnte’, arsa Conall.

‘Bhail’, ar seisean, ‘éirigh agus rachaidh tú síos liomsa’, ar seisean, ‘go dtí fear na baince anois.’

Agus chuaigh. Agus d’inis sé do fhear na baince gur seo fear a rabh fios aige agus go mbeadh sé ábalta an taiscidh a fháil dó.

‘Bhail’, arsa Conall, ‘sula dtéim i gcionn oibre ar bith’, ar seisean, ‘goidé an táille’, ar seisean, ‘a gheobhainn ar shon na hoibre seo?’

‘Bhail’, arsa fear na baince, ar seisean, ‘chaill mise’, ar seisean, ‘trí mhíle punta, agus má fhaghann tusa ar chaill mise’, ar seisean, ‘díolfaidh mise céad os coinne achan mhíle á bhfuil caillte.’

‘Margadh é’, arsa Conall, ‘ach caithfidh mé’, arsa Conall, ‘a ghabháil go dtí bunrúta na hoibre an chéad uair.’

‘Cá háit sin?’, arsa fear na bainc.

‘Tá, go dtí an bhainc’, arsa seisean. Agus chuaigh. Foscladh an doras, chuaigh Conall isteach, agus chuir sé a dhá lámh ar chúl a chinn agus thúisigh sé ar dheilín a bhí aige sa bhaile nuair a bhí sé ina ghasúr beag:

Clann Thaidhg ghiobaigh na ngréasán bán
Agus na síor-rothaí … 

Agus mhair sé don deilín agus a dhá lámh ar chúl a chinn aige agus é ag siúl suas an tsráid, agus achan uile dhuine á bhfacaidh é, lean siad sin mar an gcéanna. Agus nuair a tháinig Conall go dtí an leac a bhí ag taobh na fuinneoige, bhuail sé síos a chos orthai agus d’iarr sé orthu an leac a thógáil, agus thóg, agus bhí an mála agus na trí mhíle punta astoigh thíos faoin leac. Tógadh aníos an mála agus cuntasadh amach an t-airgead, agus chuntas fear na baince na trí chéad punta do Chonall, agus in áit é féin agus a bhean imeacht go hAlbain, agus a chuid páistí, phill sé arís go Bun an Inbhir agus thóg sé teach dhá stór ann. Chuir sé siopa ar bun ann, agus bhí sé féin agus a bhean agus an teaghlach ag gabháil ar rothaí an tsaoil.

Deich mbliana ina dhéidh seo, briseadh isteach siopa mór eile i nDoire—siopa a rabh ariamh cuid mhór rudaí measúla ann eadar uaireadóirí óir agus fáinní agus dá réir sin, agus tugadh ar shiúl luach suim mhór airgid. Agus chuaigh fear an lóistín seo—is cosúil go rabh eolas aige fána thuairisc—agus d’inis sé dó fá Chonall, go rabh fios aige, agus gur cheart dó cuireadh a chur air; go mb’fhéidir go mbeadh sé ábalta cuidiú ar bith a thabhairt dó.

‘Bhail, dá mbeadh a fhios agam’, arsa fear an tsiopa, ar seisean, ‘chuirfinnse gléas fána choinne, cinnte.’

Thug fear an tsiopa seoladh Chonaill dó, agus tháinig fear agus gluaisteán leis go Bun an Inbhir fá choinne Chonaill. Agus nuair a tháinig sé agus d’inis sé goidé an turas a rabh sé air, d’iarr bean Chonaill ar Chonall ar a bhás gan a ghabháil go Doire ar a leithéid de ócáid arís.

‘D’éirigh go maith leat’, ar sise, ‘an chéad uair, ach bheifeá anois’, ar sise, ‘fágtha.’

‘Bhail, níor cailleadh a leath ariamh’, arsa Conall, ‘á dteachaigh i gcontúirt.’

Agus d’éirigh sé agus chuir sé air a chuid éadaigh agus d’imigh leis an tiománaí amach go Doire. Agus ar an bhealach amach, d’inis an tiománaí dó go rabh siopa mór ag an fhear seo agus go rabh teach ósta aige mar an gcéanna, agus go rabh dhá bhuachaill agus cailín ag freastal sa tsiopa; gur hathradh an cailín isteach go dtí an teach óstaithe seachtain sular briseadh isteach an siopa. Agus d’inis sé mar an gcéanna goidé an t-ainm a bhí ar na buachaillí agus ar an chailín mar an gcéanna.

Nuair a chuaigh siad go Doire, tugadh Conall go dtí an teach óstaithe a bhí ag fear an tsiopa. Tugadh isteach i seomra é. Ní rabh sé i bhfad astoigh nuair a tháinig cailín freastáil chuige, agus chuir sí ceist air goidé an bia a ba mhaith leis.

‘A dhath ar bith’, arsa Conall, ‘atá sábháiliste agad’, ar seisean, ‘níl mé doiligh a shásamh. An tusa’, ar seisean, ‘a leithéid seo dhe chailín?’, á hainmniú.

‘Goidé mar atá a fhios agadsa’, ar sise, ‘cá ainm atá ormsa?’

‘Nach bhfuil a fhios agad’, arsa Conall, ‘go bhfuil fios agamsa?’

‘Bhail, chuala mé iomrádh ort’, ar sise.

‘Agus tá a fhios agam mar an gcéanna’, arsa Conall, ‘go rabh cuidiú beag agad ins an bhriseadh isteach seo sa tsiopa.’

‘Bhail, a gheall ar Dhia’, ar sise, ‘ná hinis a dhath ar bith ormsa.’

‘Bhail, níor mhaith liom duine ar bith a fhágáil ciontach ann’, arsa Conall, ‘ach má chaithimsa a ghabháil tríd mo chuid agallaimh uilig’, ar seisean, ‘beidh duine inteacht ciontach ann, agus mur gcaithí’, ar seisean, ‘beidh achan uile dhuine saor.’

‘Bhail, nuair a bheas do shuipéar déantaithe’, ar sise, ‘glac siúl duid féin síos bealach oifig an phosta, agus rachaidh mise síos i do dhéidh agus taiseánóchaidh mise duidse cá bhfuil an taiscidh i bhfolach.’

‘Maith thú’, ar seisean.

D’ith Conall a chuid iontach fonnmhar, nó bhí a fhios aige go rabh a chuid oibre déanta, agus nuair a bhí an bia caitithe aige chuaigh sé amach agus síos bealach oifig an phosta mar a d’iarr sí air, agus tháinig sise a fhad leis agus, ‘an bhfeiceann tú an reilig sin thall’, ar sise, ‘ar thaobh na malacha?’

‘Tím’, arsa Conall.

‘An bhfeiceann tú an tumba’, ar sise, ‘a bhfuil an rim dhearg thart lena imeall?’

‘Tím’, arsa Conall.

‘Bhail, tá an taiscidh uilig’, ar sise, ‘thíos ag bun an tumba.’

‘Maith thú’, ar seisean.

Shiúil sise caol díreach ar ais go teach an óstaithe agus ghlac Conall siúl dó féin bealach na céadh agus isteach arís níos moille go teach an óstaithe. Agus an oíche sin chruinnigh cuid mhór daoiní isteach leis an fear a rabh fios aige a fheiceáil agus a chluinstin. Bhí fear an toigh ansin mar an gcéanna, ach nuair a bhí siad ag imeacht chuir fear an toigh ceist ar Chonall an rabh sé ag gabháil i gcionn oibre ar maidin.

‘Ó, ar bhéal maidne’, arsa Conall, ‘ach ba mhaith liom’, arsa Conall, ‘a fháil amach’, ar seisean, ‘goidé an táille atá fá mo choinne ar shon na hoibre seo.’

‘Goidé an táille’, ar seisean, ‘a fuair tú an uair dheireanach a bhí tú ar an bhaile seo?’

‘Trí chéad punta’, arsa Conall.

‘Bhail, má fhaghann tú’, ar seisean, ‘ar chaill mise, gheobhaidh tú na trí chéad mar an gcéanna.’

‘Maith thú’, arsa Conall.

D’éirigh Conall an lá arna mhárach go measartha luath, agus nuair a bhí siad réidh, ‘bhail, caithfidh muid’, arsa Conall, ‘a ghabháil go dtí bunrúta na hoibre an chéad uair.’

Agus chuaigh siad go dtí an siopa, isteach. D’amharc Conall thart, agus chuir sé an dá lámh ar chúl a chinn arís agus thúisigh sé ar an deilín seo:

Clann Thadhg giobaigh na ngréasán bán
Agus na síor-rothaí … 

Agus mhair sé don deilín anonn go dtí an reilig agus fear an tsiopa ag siúl ar a ghualainn. Agus ag gabháil suas fríd an reilig daofa bhí siad ag gabháil thart leis an tumba.

‘Goidé atá curtha san uaigh sin?’, arsa Conall.

‘Tá, ministir’, ar seisean.

‘Tá níos mó ná ministirí curthaithe ann’, arsa Conall, agus d’iarr sé orthu tochailt síos chuig bun an tumba, agus thochail. Agus bhí bocsa mór ansin agus é lán, go dtí an béal, de achan uile rud a b’fhearr ná a chéile, agus nuair a tugadh aníos an bocsa bhí lúcháire mhór ar fhear an tsiopa, agus thug sé leis Conall go dtína theach cónaí agus thug sé na trí chéad punta dó, agus tháinig an tiománaí leis an lá arna mhárach go Gaoth Dobhair arís agus é ina fhear bhródúil.

Tá traidhfil blianta ó shin anseo—tá fear i mBaile Átha Cliath a dtabharann siad Cleary air. Bhí sé ann agus bhí siopa mór aige agus teach ósta mar an gcéanna, agus bhí buachaill as Condae Chiarraí—bhí sé ina bhuachaill siopa aige. Ach bhí daoiní muinteartha—fear a rabh Denis Guiney air—agus bhí daoiní muinteartha ag an Denis Guiney seo i nDoire. Agus tharla sé nuair a bhí Denis Guiney ina ghasúr bheag go rabh sé i nDoire an t-am a rinn Conall an mhiorúilte seo, agus nuair a tháinig sé—bhí an bheirt ina suí oíche amháin ins an teach ósta agus iad ag caint fá dhaoiní cliste agus fá dhaoiní gasta.

‘Bhail, chonaic mise fear’, arsa Denis Guiney, ar seisean, ‘a rabh fios aige.’

‘Ní fhacaidh’, arsa Cleary, ‘dá rachadh an fhiacháil cheart air’, ar seisean, ‘níl fios ag duine ar bith.’

‘Bhail’, ar seisean, ‘chuirfinn mo rogha geall’, arsa Denis Guiney, ‘go bhfuil fios ag an fhear seo, nó chuala mé fá dtaobha dó cupla uair roimhe sin.’

‘Bhail, tá teach ósta agamsa’, arsa Cleary, ‘agus siopa thíos ansin, agus bhuailfinn mar gheall é’, ar seisean, ‘agus ní chaillfinn é’, ar seisean, ‘dá gcuirfinn an fhiacháil cheart air, nach rabh fios ar bith aige.’

‘Bhail’, arsa Guiney, ‘níl mórán airgid agamsa’, ar seisean, ‘ach má chaillimsa an geall cuirfidh mé an geall leat’, ar seisean, ‘bhéarfaidh mé bliain de obair shaor duid.’

Buaileadh na gealltaí agus cuireadh tiománaí go Bun an Inbhir fá choinne Chonaill. Agus nuair a chualaidh an bhean mar an gcéanna goidé an turas a rabh siad air d’iarr sí ar Chonall, a gheall ar Dhia, gan a ghabháil go Baile Átha Cliath.

‘D’éirigh go maith i nDoire leat’, ar sise, ‘ach bheifeá i do show-man i mBaile Átha Cliath.’

‘Bhail, níor cailleadh riamh’, arsa Conall, ‘a leath á dteachaigh i gcontúirt’, agus chóirigh sé é féin suas.

Ach ar an bealach suas ní rabh an tiománaí ábalta eolas ar bith a thabhairt dó ach go rabh na gealltaí curtha. Nuair a chuaigh siad go Baile Átha Cliath tugadh isteach go dtí teach óstaithe Chleary é, agus fuair sé a shuipéar i seomra an oíche sin. Tugadh go dtí seomra eile fá choinne codlata, agus ar maidin an lá arna mhárach fuair sé a bhricfeasta sa tseomra chéanna a bhfuair sé an suipéar an oíche roimhe sin, ach ar uair am dinnéara tháinig cuireadh air go dtí seomra eile, agus bhí a fhios ag Conall gur seo an áit a rabh an fhiacháil ag gabháil air. Nuair a chuaigh sé isteach chun an tseomra bhí tábla cruinn ina shuí i lár an tseomra agus scaifte mór ina suí thart air. Ach bhí áit Chonaill fágtha thuas ag cionn an tábla. Agus nuair a bhí sé ag siúl aníos thart le Denis Guiney, ‘bhail, cé gur gasta an madadh ruadh’, ar seisean, ‘tá greim sa deireadh air’, ag maíomh go rabh sé féin caillte. Agus goidé a bhí ar an phláta fá choinne a dhinnéara ach píosa de mhadadh ruadh. Agus shíl iomlán ag an tábla gur fios a bhí aige. Agus d’éirigh Denis Guiney agus chroith sé lámha carthanach leis, agus d’éirigh Cleary agus, ‘bhail, tím’, ar seisean, ‘go bhfuil na gealltaí baintithe agad.’

D’aithin Conall goidé a bhí ar an tábla. Chuir sé an pláta síos an tábla. Bhain sé na gealltaí. Fuair sé trí chéad punta le Denis Guiney agus d’fhág sé Denis Guiney go dtí lá a bháis ina mháistir ar shiopa Cleary.