Banríon an Uaignis

Bríd Anna Ní Bhaoill

Bhí fear de na hiarlaí ina chónaí thíos ar an Charann Bhuí sa tseanam. Bhí caisleán mór ag a mhuintir, agus ní rabh acu ach é de theaghlach. Nuair a fuair siad bás d’fhág siad an t-iomlán aige. Fear cneasta múinte modhúil macánta a bhí ann, ach nuair a fágadh leis féin é bhí sé uaigneach i gceart. Dar leis féin go dtarraingeochadh sé bean air féin. Bhail anois, ní rabh an oiread sin eolais aige ar aos óg na háite, nó níor chleacht sé an óige, ag gabháil amach ina gcuideachta. Ach mar sin féin bhí aithne shúl aige ar chailíní na háite, agus ní rabh aon chailín sa phobal a dtiocfadh leis ceiliúr cleamhnais a chur orthai.

Bhí tobar fíoruisce ag taobh an chaisleáin, agus chuala sé na seandaoiní agus na seanchaithe ag scéalaíocht i dtoighthe an airneáil fán bhean óg dhóighiúil seo a bhí ina cónaí in uamhach in aice an tobair; go rabh sí le feiceáil go luath ar maidin agus go mall sa tráthnóna ag gabháil chun an tobair fá choinne bucáid uisce. Ach mar sin féin, má chualaidh an fear uasal na scéalta seo, char chreid sé iontu. Bhí go maith is ní rabh go holc go dtáinig oíche earraigh amháin—bhí sé ag cur a chuid eallaigh chun an bhaile. Bhí sé níos moille an tráthnóna seo ná ba ghnách leis, agus nuair a bhí sé ag tarraingt ar an chaisleán tí sé an cailín a ba dóighiúla dá bhfaca sé riamh ag imeacht ón tobar agus bucáid uisce léithe. Rith sé ina déidh agus fuair sé greim orthai sula dteachaigh sí a fhad leis an uamhach.

‘Cé tú féin’, ar seisean, ‘ná cá bhfuil tú i do chónaí?’

‘Mise’, ar sise, ‘Banríon an Uaignis agus is é an Charann Bhuí m’áit chónaí.’

‘Nárbh fhearr duid féin agus domhsa a ghabháil i gcionn a chéile, agus thógfadh achan duine againn cian den duine eile?’

‘Ó’, ar sise, ‘cha dtig liom an fear a choíche a phósadh.’

‘Cad tuigh sin?’, ar seisean, agus baineadh stangadh as.

‘Tá’, ar sise, ‘dá bpósfadh, ní bheadh cead ag mo chéile fear nó bean mhuintreach a thabhairt chun an Charann Bhuí a fhad agus bheinnse anseo.’

‘Nach saoithiúil sin?’, ar seisean.

‘Is saoithiúil’, ar sise, ‘ach níl neart air. Caithfidh mise a bheith i mo Bhanríon ar an uaigneas i gcónaí, agus nár dhoiligh do fhear ar bith a shaol a scaradh liomsa agus leis an uaigneas?’

‘Bhail’, ar seisean, ‘tá mise sásta cur suas leis an uaigneas má phósann tú mé.’

‘Pósfaidh mé thú cinnte’, ar sise, ‘ach dearc ort féin an chéad uair nó níl an t-aithreachas maith.’

Pósadh an lanúin an lá arna mhárach agus chuaigh siad a chónaí ins an chaisleán ar an Charann Bhuí, agus ní dheachaigh aon duine acu amach ná isteach chuig aon duine, ach iad ag déanamh a ngnoithe daofa féin. Chaith siad a saol ansin go sona sásta gan aon duine acu ag tabhairt focal searbh nó garbh don duine eile. Rugadh beirt pháistí daofa, mac agus níon. Bhí an mac cosúil leis an athair agus an níon cosúil leis an mháthair. Do réir mar a bhí na blianta ag gabháil isteach ní rabh athrach dá laghad ag teacht ar Bhanríon an Uaignis—bhí sí comh gnaíúil agus comh dóighiúil agus a bhí sí ariamh. Ach mar sin féin bhí an fear uasal ag éirí tuirseach den dóigh a bhí air, agus ba mhaith leis a ghabháil amach arís fríd na daoiní. Bhí rásaí beathach le bheith ar an tSraith Bhán agus bhí capall rása ag an fhear uasal. D’úirt sé lena mhnaoi gur mhaith leis a ghabháil chuig na rásaí. D’úirt sise leis go dtiocfadh leis a ghabháil, ach má bhí grá aige daoithese, é a theacht ar ais leis féin. D’úirt sé go dtiocfadh.

D’imigh sé féin agus an beathach chuig na rásaí an lá sin agus bhain beathach an fhir uasail na rásaí an lá sin. Mhair na rásaí trí lá agus bhain beathach an fhir uasail na rásaí na trí lá. Thoisigh na daoiní thart a chruinniú thart air á mholadh.

‘Beidh lúcháir ar do bhean nuair a rachaidh tú chun an bhaile.’

‘Beidh’, arsa duine eile, ‘má tá bean ar bith aige.’

‘Ó’, ar seisean, ‘tá an bhean agam is deise is atá in Éirinn.’

‘Maise’, arsa siad sin, ‘bheadh orainn í a fheiceáil sula gcreidfidh muid thú.’

Bhuail tallann feirge an fear uasal agus d’iarr sé orthu a bheith leis. Níor smaointigh sé ariamh ar an ghealltanas. Nuair a tháinig siad a fhad leis an chaisleán d’iarr sé orthu fanacht amuigh. Chuaigh sé isteach agus thug sé amach a bhean agus a chuid pháistí agus d’fhág sé ina sheasamh ar bhruach na habhna iad, ach dá mbuailfeá thusa do dhá bhos ar a chéile bhí an triúr acu dá léim isteach ins an abhainn, agus ní fhacaidh aon duine iad ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann. Bhris croí an duine uasail le cumhaidh ina ndéafa. Thoisigh na daoiní a dhéanamh truaighe dó, nó bhí a fhios acu gur iad féin a ba chiontaí. D’éirigh an t-uisce in airde agus spréigh sé thart ar na cuibhrinn go dtí gur chumhdaigh sé an caisleán, agus tá loch ins an áit sin ariamh anall, loch a dtabharann siad Loch an Charann Bhuí air. Deir daoiní eolacha linne atá ina gcónaí sa cheantar seo, nuair a thiocfas tráthnóna glórmhar samhraidh go bhfuil scáil an chaisleáin le feiceáil thíos san uisce agus trí eala bhána ag snámh … agus anall an loch. Bhuail aithreachas an duine uasal, agus chaith sé an chuid eile dá shaol go brónach agus go huaigneach ar an Charann Bhuí i dTír Chonaill gan a ghabháil isteach nó amach chuig aon duine ach ag déanamh a ghnoithe dó féin.