Mac na Mná Boichte

John Ghráinne Ó Duibheannaigh

Bhail, bhí Rí ina chónaí sa tír seo am amháin a rabh teaghlach mór aige. Bhí dhá chlaigeann déag níonach aige, agus dálta níonacha go leor nuair a tháinig clann an Rí i méadaíocht bhí dúil sa tsiúl acu, agus bhí siad ar shiúl achan oíche go maidin agus bhí an Rí gránna mar a d’íosfadh na cait é. Bhí sé buartha agus imníoch nach rabh a fhios aige cá háit a rabh a chlann, agus ní rabh maith leis ceist a chur orthu, nó bhí sé ag déanamh nach bhfaigheadh sé a dhath amach—nach n-inseochaí a dhath dó ach an rud a bhí in aice lena dtoil féin. Ach goidé a rinn sé? Chuir sé fuagradh amach ag iarraidh a rá dá dtiocfadh buachaill ar bith agus a chuid cailín a choimheád agus a bheith ábalta ar inse dó sin ar maidin an lá arna mhárach cá háit ar chaith siad an oíche roimhe sin, go dtabharfadh sé a mheáchan féin óir dó agus an níon a ba sine le pósadh. Margadh maith, shílfeá, agus ní rabh an fuagra sin i bhfad amuigh aige go dtí go dtáinig buachaill ligthe gasta óg aigeantach agus gur úirt sé leis an Rí go gcoimheádóchadh seisean a chuid cailín dó.

‘Maith go leor’, arsa an Rí, ‘dhéanfaidh muid margadh. Is é an margadh atá ann’, arsa an Rí, ‘mar a d’úirt mé ins an fhuagradh, gheobhaidh tú do mheáchan féin óir agus an cailín is sine le pósadh má bhíonn tú ábalta ar inse domhsa cá háit a rabh siad, agus mur rabh, ar ndóighe, bhéarfar amach tú agus bainfear an cionn duid.’

Thoiligh siad ar an mhargadh agus chuaigh an Rí fá chónaí, agus shuigh an buachaill i gcathaoir a bhí ann a choimheád na gcailín agus bhí sin ann, scaifte de chailíní gleoiréiseacha a rabh cuideachta acu, agus ciall acu do chuideachta, agus iad ag caint agus ag comhrádh. Agus sa deireadh tháinig bean acu a fhad leis agus d’úirt sí, ‘bhail, ab annamh leat a theacht anseo? Bhéarfaidh muid deoch duid, nó tá muid cinnte go bhfuil tú tuirseach.’

Thug sí deoch dó. Bheir an duine bocht ar an deoch agus d’ól sé an deoch, ach go hiontach gearr i ndéidh an deoch a ól thit sé ina chnap chodlata agus níor mhuscail sé go dtí go rabh an lá geal ar maidin an lá arna mhárach.

Bhí na cailíní ar shiúl agus ins an bhaile ar ais agus iad ina luí, agus tháinig an Rí isteach agus chuir sé ceist ar an fhear seo—ar an bhuachaill seo—cá háit a rabh a chuid cailín.

‘Bhail, tá mé buartha’, arsa an buachaill, ‘thit mé i mo chodladh agus níl mé ach i ndéidh muscladh.’

Tugadh amach an créatúir, an duine bocht, agus baineadh an cionn dó. Sin sin. Ach tháinig buachaill eile, agus buachaillí go leor, ina dhéidh sin, ach ar an drochuair daofa féin chaill siad uilig na cinn. Thit siad uilig ina gcodladh agus baineadh an cionn ar maidin an lá arna mhárach den bhuachaill a bhí á gcoimheád.

Anois, bhí bean bhocht agus a mac ina gcónaí i gcró beag toigh a bhí a dheas do áit an Rí. Dheamhan ann ach é go rabh siad ar scáth na mballaí. Ní rabh acu ach cé bith a sheifteochadh siad ag cruinniú ó dhoras go doras ins an lá agus ag teacht agus ag baint faofa sa chró seo san oíche. Ach an lá seo d’úirt an mac lena mháthair, ‘tá mé ag gabháil go caisleán an Rí’, arsa seisean, ‘go dtí go gcoimheádaí mé na cailíní don Rí.’

Chuir an mháthair brothladh air: ‘ar ndóigh’, ar sise, ‘ná, shílfeá go ndéanfadh sé do shúile duid an méid de bhuachaillí breátha atá ag cailleadh—a bhfuilthear ag baint an chinn daofa ag caisleán an Rí agus gan tusa a ghabháil a chur lámh in do bhás féin?’

‘Ó’, ar seisean, ‘tá mé ag gabháil, ach tá mé ag gabháil chuig Cailleach na gCearc an chéad uair go bhfaghaí mé comhairle uaithi.’ Chuaigh sé chuig Cailleach na gCearc. D’inis sé a scéal do Chailleach na gCearc—go rabh sé ag gabháil a choimheád cuid cailíní an Rí.

‘Maith go leor’, arsa Cailleach na gCearc, ‘beidh tú i gceart má níonn tú mo chomhairlesa. Agus mur ndéanaí tú mo chomhairlesa, bhail, beifear ag baint an chinn duid ar maidin amárach.’

‘Goidé an chomhairle atá tú a thabhairt domh?’

‘Bhail, is é an chomhairle atá mé a thabhairt duid’, ar sise, ‘gabh isteach, agus nuair a rachaidh tú isteach bhéarfar—bhéarfaidh bean de na cailíní deoch duid. Má ólann tusa an deoch sin titfidh tú i do chodladh agus caillfidh tú an cionn an lá arna mhárach, ach’, ar sise, ‘beir ar an deoch agus cuir suas í agus nuair a gheobhaidh tú tiompóithe thart í’, arsa seisean, ‘lig an deoch síos in do mhuinchille agus’, ar sise, ‘lig ort féin gur thit tú i do chodladh. Anois’, ar sise, ‘sula n-imí tú, seo clóca beag dearg; clóca beag atá mise a thabhairt duid, agus am ar bith a mbíonn an clóca sin ort beidh tú dofheicthe: ní fheicfidh duine ar bith tú. Cuir faoi d’ascaill é’, ar sise, ‘agus tabhair leat go teach an Rí é.’

Chuir sí—chuir sé an cóta faoina ascaill, agus ní rabh sé ach beag, agus ní thug aon duine fá dear go rabh a dhath a b’fhiú leis. Chuaigh sé go teach an Rí. Rinn sé an margadh céanna a rinn achan bhuachaill eile leis an Rí agus chuaigh an Rí fá chónaí, agus tháinig an buachaill agus shuigh sé sa chathaoir agus ag amharc ar na cailíní. Bhí na cailíní, mar a d’úirt mé, agus iad ar fud an toigh á bhfáil féin réidh fá choinne na hoíche, agus nuair a bhí siad réidh le himeacht, tá mise ag inseacht duid nach do shúil shalach a ba cheart amharc orthu, ach, anall le bean acu agus thug sí deoch dó.

‘Ól seo’, arsa sise, ‘cuideochaidh sé leat.’

Thug sé baochas daoithe. Bheir sé ar an deoch, ach bhí sé gasta sna lámha agus ní thabharfá fá dear gur lig sé an deoch síos ina mhuinchille, agus go díreach tamalt beag ina dhéidh sin, lig sé air féin gur thit sé ina chnap chodlata. Ach, chuaigh na cailíní anonn—bhí siad réidh—agus thóg siad leac a bhí faoi áit na tineadh agus chuaigh siad síos faoin urlár, agus go díreach nuair a bhí an bhean dheireanach acu ag gabháil as amharc, chuir an stócach seo air an clóca seo, agus ar ndóighe bhí sé dofheicthe ansin, agus bhí sé síos díreach ina gcuideachta—sa ruball acu, ar scor ar bith. Chuaigh siad síos agus síos go maith go dtí go dtáinig siad ar an talamh chothrom thíos, agus ansin shiúil siad leo go dtí go dtáinig siad go dtí an cladach, agus bhí an fharraige mhór ina luí amach roipiu agus iad ina seasamh ar an chladach agus, leis sin féin, tí siad chucu isteach bád ag gabháil fá shiúl ghasta. Tháinig an bád i dtír agus dhá chlaigeann déag de bhuachaillí ligthe gasta sa bhád. Chuaigh an dá chlaigeann déag níonach ar bord ina gcuideachta, agus ar ndóighe mac na mná boichte ar bord ina gcuideachta, agus d’imigh siad leo.

Nuair a bhí siad tamalt ag seoladh d’úirt bean de na níonacha, ‘títhear domh’, arsa sise, ‘go bhfuil an bád seo níos doimhne i bhfarraige anocht ná ba ghnách léithe’, agus d’úirt an chuid eile, ‘a Dhia, bíodh ciall agad. Ar ndóighe nach aon scaifte amháin a bíos achan oíche againn ann?’ D’imigh siad.

Sheol siad leo go dtí go dtáinig siad i dtír ar oileán a bhí ard i gceart i bhfarraige agus rinn siad port ag an oileán sin. Chuaigh siad suas fríd an oileán agus bhí an t-oileán sin galánta. Bhí coillidh mhór astoigh ina lár agus an duilliúr a bhí air déanta de airgead—duilliúr airgid—agus corrdhuilleog den duilliúr ag titeam chun talamh. Chrom mac na mná boichte agus chuir sé duilleog den airgead seo ina phóca agus shiúil sé leis. Tháinig siad amach as an choillidh sin agus chuaigh siad isteach i gcoillidh eile agus an duilliúr déanta de ór. Chuir sé duilliúr den ór ina phóca fosta.

Ach astoigh i lár choillidh an óir bhí caisleán mór. Chuaigh siad isteach chun an chaisleáin agus bhainfeadh sé an t-amharc as an tsúil agad an bord a bhí fágtha síos ansin le gach uile chineál bidh ar chuala tú iomrádh ariamh air agus achan uile chineál dí fosta. Shuigh siad thart—na ceithre claigne fichead acu—fán bhord ag ithe agus ag ól agus mac na mná boichte agus uisce lena chár ag amharc orthu, agus ocras air. Ach sa deireadh chuaigh sé siar faoin tábla, leisce a bheith ag amharc ar an ollmhaitheas nach rabh sé ábalta bogadh—baint dó. Ach nuair a bhí a sáith ite agus ólta ag an mhuintir eile, d’éirigh siad. Chuaigh siad amach go dtí seomra mór eile agus mac na mná boichte leo. Agus an bhuíon cheoil a bhí sa tseomra sin, níor chualaidh mac na mná boichte ariamh ceol a bhí cosúil leis, agus na gléasraí ceoil a bhí ann, bhí sé thaire a bheith ag caint air—bhí sé galánta. Thoisigh an ceol agus thoisigh an damhsa agus thoisigh an chuideachta, agus bhí siad ansin go dtáinig ball bán ar an lá ar maidin an lá arna mhárach. Agus ansin rinn siad amach go rabh an t-am acu déanamh ar an bhaile. D’imigh siad ag tarraingt ar an bhaile.

Chuaigh siad chun an chladaigh agus ar bord agus mac na mná boichte leo, agus sheol siad go dtáinig siad i dtír faoi chaisleán an Rí, agus an dá luath géar agus a fuair mac na mná boichte leithead a dhá chois ar an chladach, bhain sé na bonnaí as agus d’imigh sé sna featha fásaigh ag déanamh ar an chaisleán—ar chaisleán an Rí. Suas leis, an bealach a tháinig sé anuas, agus isteach faoin tinidh agus chaith sé dó an clóca agus shuigh sé sa chathaoir agus lig sé air féin go rabh sé ina chnap chodlata agus, go díreach sna sála aige, seo aníos an dá chlaigeann déag níonach, agus an chuideachta agus na gáirí acu agus iad ag caint ar an oíche bhreá a bhí acu. Agus d’amharc bean acu air sin. ‘Seo buachaill bocht eile’, arsa sise, ‘a bheas ag cailleadh na claigne inniu.’

Ach bhí an fear eile ina chodladh, má b’fhíor dó féin é. Níor chuala sé a dhath. Chuaigh siad a luí, mar chailíní, agus ar ndóighe nuair a chonacthas an lá, isteach leis an Rí. ‘Bhail’, arsa an Rí, ‘an dtig leat a dhath a inse domh?’

‘Thig liom’, arsa seisean, ‘achan chor agus achan lúb ár chuir do chuid cailíní daofa féin ó d’fhág siad seo aréir go dtí go rabh siad anseo ar maidin inniu, thig liomsa a inse duid’, ag toiseacht agus ag inse dó mar a d’inis mé duidse, ‘agus’, arsa seisean leis an Rí, ‘mur gcreidí tú mé tá duilleog den ór agus duilleog den airgead anseo in mo phóca. Níl duilleog ar bith a dhíobháil orm’, arsa an Rí, ‘tá mé ag glacadh d’fhocail air. Agus creidim go maith tú.’

Chuaigh sé isteach, mhuscail sé na cailíní agus d’úirt sé leis an bhean a ba sine go gcaithfeadh sí mac na mná boichte seo a phósadh. Anois, ní rabh sí sásta—ní rachadh sí thaire chros a hathara, agus b’éigean daoithe a theacht leis an mhargadh a bhí déanta agna hathair. Agus ansin d’ordaigh an Rí dona chuid giollaí a ghabháil amach. Mheách siad an buachaill an chéad uair go bhfaca siad goidé an meáchan a bhí sé, agus chuaigh siad amach agus thug siad a mheáchan féin óir dó, agus d’imigh mac na mná boichte agus níon an Rí agus pósadh iad, agus tháinig sé chun an bhaile chuigna mháthair agus mála óir leis. Bhí sé amach as bochtaineacht a choíche agus níon Rí mar bhean chéile. Agus go gearr ina dhéidh sin chuir sé féin suas caisleán de theach agus chuaigh sé féin agus a bhean agus a mháthair a chónaí sa chaisleán, agus níor lean mise ní b’fhaide iad. Níl a fhios agamsa goidé a d’éirigh daofa ina dhéidh sin, ach bhí oiread saibhris aige agus nach bhfuair sé bás den ocras ar scor ar bith.

Nóta

‘Bhí an Rí gránna mar a d’íosfadh na cait é’ = bhí sé iontach imníoch.