An Gréasaí agus a Thriúr Ban

Seán Bán Mac Grianna

Gréasaí bróg a bhí ann. Duine ciúin tostach a bhí ann. Ní rabh a fhios ag aon duine ariamh cá huair a bhí buaireamh nó lúcháir air. Ní rabh a fhios ag aon duine ariamh cá huair a bhí fearg air nó cá huair a bhí ollghardas air. Bhí sé i gcónaí i ndóigh amháin. Bhí sé ar thús teaghlaigh. Pósadh an chuid a b’óige den teaghlach agus scab siad soir is siar. Fuair an t-athair agus an mháthair bás agus d’fhan an gréasaí i mbun an ghnoithe ar fad. Mo dhálta féin, níor thóg sé ariamh le mná. Ní rabh aird aige orthu. Bhí na daoiní ag meas nach gcuirfeadh sé trioblóid ná cúram air féin a choíche. Fá dheireadh, d’éirigh an t-iomrádh amach go rabh sé tógtha lena leithéid seo de chailín. Ach ní thug mórán aird air. Ach chreid achan duine é nuair a chonacthas ag gabháil chun na haltóra é go bhfaigheadh sé pósta.

Bhí cuma air féin agus orthai sin, ar ndóigh, go rabh siad go sámh, agus saol breá acu. Ach an créatúir bocht, tháinig díth na sláinte orthai agus ní rabh sí i bhfad ag cur bhuartha air. Ní rabh a fhios ag aon duine ariamh cé acu a bhí sé buartha ina déidh nó nach rabh. Bhí sé ciúin tostach ar fad. Ní thearn sé dabhar ar bith dena chuid caointe.

Chaith sé seal mór fada go rabh sé ag gabháil anonn in aois, agus bhí na daoiní ag déanamh nach gcuirfeadh sé cúram mná air féin a choíche ar ais. Ach b’amaideach iad—phós sé an dara bean. Ní rabh sí sin i bhfad ag cur bhuartha air. Agus dheamhan i bhfad ná i ngearr go rabh an tríú bean aige, ach bhain sí sin an smior chailleach as. Bhí sí aige go dtí go rabh sé ina sheanduine aosta ag titim ar a bhata. Agus fuair sise bás. Rinneadh í a fhaire agus a thórramh agus cuireadh í.

Oíche an tórraimh, tháinig mo sheanghréasaí bocht chun an bhaile agus isteach sa teach sin go huaigneach leis féin, nó ní rabh teaghlach ar bith aige le ceachtar de na mná. Bhí comharsanach aige agus bhí truaighe aige dó, agus dar leis go rachadh sé a dh’airneál aige le cian a thógáil dó. Ar theacht chun an dorais dó, bhí an seanghréasaí ina shuí ag fuáil bróige agus ag gabháil cheoil. Chaith sé uadh an bhróg, chuir sé fáilte roimh an chomharsanach a dh’airneál. Rinn siad oíche mhór chomhráidh ar an aimsir, ar an iascaireacht, ar an bharr, ar an mhargadh agus ar achan rud eile a rabh suim acu féin ann. Dar leis an chomharsanach, nuair a bhí sé ag imeacht, ‘cuirfidh mé ceist air’.

‘Ceist agam ort’, ar seisean. ‘Cé acu den triúr ban a ba mhó a chráigh thú?’

Bhain an seanghréasaí an píopa as a bhéal. Chaith sé seileog isteach sa tinidh.

‘Ó’, ar seisean, ‘an poll a d’fhág an chéad bhean in mo chroísa, chuaigh an bheirt eile amach air.’