An tAinmfhocal
An tuiseal ainmneach uatha
I gcás roinnt ainmfhocla, ní hionann an tuiseal ainmneach atá acu sa leabhar seo agus an tuiseal ainmneach atá acu in FGB, mar shampla lúcháire atá sa leabhar seo, achlúcháir atá in FGB. Seo a leanas roinnt samplaí eile: Ádhmha (= Ádhamh); miorúilte (= míorúilt); claidhmhe (= claíomh); aigneadh (= aigne); gáladh (= gála); mórchónadh (=mórchónaí ). Úsáidtear foirm an tabharthaigh sa tuiseal ainmneach de ainmfhocla atá baininscneach de réir FGB sna samplaí seo a leanas:* cruinnigh do chloinn; gur díbreadh do chloinnsa; sciob siad leo an chraoibh; bhí … an digh a mo chrá; lean an eascainn é; d’fhág sé Éirinn; an clár is an fhoirinn (= fhoireann); chuir mé foirinn as Árainn i gcontúirt a mbáite; cuireadh foirinn ar an bhád; an bhfuil scin (= scian) ag fear ar bith; tá scin agamsa; réitigh do scornaigh; ghoidfeadh an uibh ón chorr.** Tabhair fá dear go n-úsáidtear tuiseal ginideach an fhocail arm san ainmneach san abairt ní rabh an dara hairm cosanta aige. Úsáidtear an fhoirm casadhmaid sa ainmneach, sa ghairmeach agus sa tabharthach: bheir an casadhmaid freagar air; a chasadhmaid; leis an chasadhmaid.
An tuiseal ginideach uatha
Tá na ginidigh seo a leanas, a mbaintear úsáid astu sa leabhar seo, éagsúil lena macasamhla in FGB: teach an mháisteara (= máistir); áit máthara (= máthar); leacacha na tineadha (= tine, tineadh); chun comhráidh (= comhrá); aonach fostóidh (= fostaithe/fostó); lá iomráidh (= iomrá); ag tabhairt na cathaoire (= cathaoireach); ag cur bhuarthata air (= buartha); i dtoigh na beoraí (= beorach). Uaireanta ní infhilltear ainmfhocal sa ghinideach, mar shampla Coláiste Gaeilic; Raidió na Gaeltacht; luibh na draíocht; cosa an tSlánaitheoir; cailín bocht seirbhís. San áit a bhfuil consan caol sa ghinideach in FGB, bíonn consan leathan i roinnt ainmfhocla sa chaint: cúrsaí oideachas;in aice an chrann; croc ór. I gcásanna mar seo, cuirim isteach an ginideach caighdeánach sa leagan scríofa de na scéaltaí. Is minic nach n-infhilltear an focal talamh sa ghinideach uatha, mar shampla giota talamh, tiarna talamh, os cionn talamh, acaire talamh; coinním an leagan seo sa litriú.
An tuiseal tabharthach uatha
Sa leabhar seo tá foirmeacha ar leith sa tabharthach, a dtugtar aitheantas daofa in FGB, ag traidhfil ainmfhocla, mar atá ar a chois; den tslait, ar shlait; faoi thoinn. Ach bíonn foirmeacha tabharthacha fosta ag ainmfhocla sna scéaltaí, go háirid iad sin atá baininscneach in FGB, nach luaitear in FGB, mar shampla ar an bhonnóig; dena chasóig;ar an chliobóig; ar thúrtóig; don chailligh; sa dabhaigh;*** sa tseisrigh; fríd an chistinigh; ins an scatharnaigh; fá do scornaigh; sa choigrích, ar an choigrích; ar chloich (= ar chloch); sa chomharsain; le feaigh (= le feag); ar an scin (= ar an scian); leis an spáid. Tá foirm thabharthach ag na hainmfhocla seo a leanas a bhfuil an dá inscne luaite leo inFGB: ar feaidh (= ar feadh); ar nid (= ar nead); ag taoibh an toigh.**** Féach fosta na nótaí ar an tuiseal ainmneach thuas fá choinne samplaí de fhoirmeacha tabharthacha dá n-úsáid sa tuiseal ainmneach.
Bíonn foirm thabharthach go rialta sa téacs ag ainmfhocla áirithe dár críoch -(e)ach agus atá baininscneach de réir FGB; bíonn feidhm ainm bhriathartha ag na hainmfhocla seo: a bhrádarsaigh, ag brionglóidigh, ag búirthigh, ag clismearnaigh, ag cogarnaigh, ag eiteogaigh, ag lúbarnaigh, ag mairgnigh,***** ag scairtigh, ag siosarnaigh, ag srannfaigh, fríd smeacharnaigh. Corruair bíonn foirm ar leith sa tabharthach ag ainmfhocla atá firinscneach de réir FGB, mar shampla fríd mo chliabhlaigh, ar an leacaigh.
Tabhair fá dear go bhfuil ainmfhocal Gaeilice, agus é sa tuiseal tabharthach, déanta den ainmfhocal Béarla ‘muck’ san abairt seo a leanas: astoigh faoi na cnoic go dtí na cluasa sa mhoic.
An fhoirm dhéach
Bíonn foirm ar leith ag na hainmfhocla cos agus bos nuair a thig dhá rompu, mar shampla leithead a dhá chois ar an chladach; greim dhá chois air; faoi dhá chois a athara;a dhá chois thiar faoin leabaidh; mar bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile; ag bualadh a dá bois ar a dá ladhraí.
An tuiseal ainmneach iolra
Ainneoin go n-úsáidtear na foircinn iolra -(a)í, -t(a)í, -thaí, -(e)annaí, -achaí le go leor ainmfhocla sa téacs, ní thabharann FGB aitheantas daofa mar fhoircinn iolra ag na hainmfhocla sin, mar shampla -(a)í: bascáidí, béasaí, bóithrí, cláraí, comrádaíonnaí, capógaí, daoiní, gadrógaí, gléasraí, ladhraí, leachtaí, oireachtaisí, tonnaí; -t(a)í: bántaí,béamtaí, buíontaí, céadtaí, céimtaí,****** ceoltaí, deanntaí, gaoltaí, glúntaí, mealltaí, néaltaí, scéaltaí; -thaí: glórthaí, spéarthaí; -(e)annaí: ceisteannaí, páirceannaí, smeachannaí,spórtannaí, uaireannaí; -achaí: freagrachaí, gníomhrachaí. Seo a leanas dornán ainmfhocla eile a bhfuil foircinn iolra acu sa leabhar seo nach nglacann FGB leo: -a: árthacha,míola, tortha; -e: clainne, guailne; -acha: achaineacha.
An tuiseal ginideach iolra
Níl an foirceann -ach coitianta sa ghinideach iolra sa téacs, ach úsáidtear é sna samplaí seo a leanas: smál dubh na mbliantach; ag marbh éanach; mo bheirt níonach (=iníonacha); oíche mhór seanchais agus scéaltach. Níl fianaise in FGB ar an fhoirceann seo a bheith ag na hainmfhocla seo sa ghinideach iolra. Cailín foirm an ghinidigh iolra sna samplaí seo a leanas: croí na gcailín; muid inne cuid cailín Mhurchadh na Coilleadh Ruaidhe; a chuid cailín a choimheád; go gcoimheádóchadh seisean a chuid cailín dó.
An tuiseal tabharthach iolra
Tá roinnt samplaí den fhoirceann iolra -(a)ibh sa téacs, mar shampla fá na beannaibh; os coinnibh; ins na crannaibh; de mhóruaislibh Éireann; ar shleasaibh a mhaidí. Úsáidtear an tabharthach iolra san ainmneach iolra uaireanta, mar shampla níl fiachaibh ort níos mó a dhéanamh; d’úirt an gasúr nach mbeadh fiachaibh ar bith orthu corrú;nach mbeadh fiachaibh air sin a bheith ag obair; chuaigh na Fiannaibh ar bord. Ní luaitear -(a)ibh mar fhoirceann an tabharthaigh iolra le cionn ar bith de na hainmfhocla seo in FGB. I gcás trí ainmfhocla bíonn fuaim -ú acu san iolra i gcaint Annie Báine, agus bainim úsáid as an litriú -aibh leis an fhuaim seo a léiriú: bhí siad ag fás anuas ina rósaibh móra dearga; péistí ar bhosa agus ar shleasaibh a mhaidí; d’inis sé a chuid lochtaibh uilig fosta dó.
*Úsáidtear croich agus glaim san ainmneach sa leabhar seo, mar shampla croich de fhear, glaim ón choin; is seantuisil thabharthacha iad an dá fhoirm seo a nglactar leo in FGB mar thuisil ainmneacha malartacha ag croch agus glam.
**Tá uibh baininscineach agus firinscineach de réir FGB.
***Comh maith le dabhach, atá baininscineach, luann FGB an fhoirm dabhaigh, atá baininscineach fosta; ach is é dabhach an t-ainmneach a úsáiseann Seán Bán sa scéal 'Diarmaid Ó Beirn', agus ar an ábhar sin glacaim le sa dabhaigh mar fhoirm thabharthach. Tabhair faoi deara go mbíonn foirm an tabharthaigh i diaidh go dtí sa fhrása go dtí an dabhaigh.
****Luann FGB taoibhe mar fhoirm ghinideach an fhocail taobh, rud a thugann le fios dúinn gur féidir le taobh a bheith baininscineach comh maith le bheith firinscineach.
*****Tá mairgní ina shóinseálach ainmneach ag an ainmfhocal marigneach de réir FGB.
******t leathan is tús don fhoirceann iolra sa tsampla seo.