Litriú Caighdeánach agus Litriú Canúnach

Chuir mé romham, agus mé ag athscríobh an ábhair bhéaloidis atá sa leabhar seo, mo dhíchealt a dhéanamh le gramadach chanúint Rann na Feirste a léiriú sa litriú comh maith agus a thiocfadh liom, ach níor bhac mé le blas na canúna a léiriú ina iomláine i ngeall ar a dheacra a bheadh sé é sin a dhéanamh. Níor bhac mé ach oiread le leaganacha cainte nach bhfuil ag teacht le gnáthúsáid na Gaeilice scríofa a ‘cheartú’, de réir na gnáthúsáide sin, sa litriú.

Dar liom go mbainfeadh sé go mór de phléisiúr an té atá ag léamh an leabhair seo agus ag éisteacht leis na cainteoirí dá bhfeicfeadh sé, mar shampla, trua scríofa agamsa san áit a rabh truaighe ag an chainteoir, nó raibh scríofa nuair a bhí rabh ráite. Ní rabh sé doiligh an chanúint a léiriú, den chuid is mó, nó tá litriú, más neamhchaighdeánach féin é, le fáil go fairsing in Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill (FGB) a fhóireann go breá do chanúint Rann na Feirste—macasamhail truaighe agus rabh, mar shampla.* Ach tá deacracht amháin ag baint leis an chur chuige seo: goidé mar is féidir le duine a bheith cinnte go bhfuil a fhios aige achan litriú malartach atá scaptha fríd FGB ar aon cheannfhocal ar leith de chuid an fhoclóra sin? Ní rabh a fhios agam féin go rabh an litriú amhanc, atá ina mhalartach ar an cheannfhocal amharc, in FGB go dtí gur inis Máiri Nic Gill-Fhinnein, a léigh an leabhar seo domh, go rabh sé ann. Amhanc a bíos uaireanta ag cainteoirí sa leabhar seo.

Is minic nach rabh litriú le fáil in FGB a bhí ag fóirstean don chanúint agus dá bhrí sin bhí orm litriú úr a chumadh, nó litriú stairiúil a úsáid. Tugaim thíos liosta de fhocla atá sa leabhar ar chum mé litriú daofa, nó ar bhain mé feidhm as a litriú stairiúil, agus an litriú atá ag freagairt daofa in FGB (más ann dó) taobh le gach cionn acu. Tá samplaí eile de litriú úrchumtha (leithéidí d’úirt dúirt, mar shampla) le fáil sa chuntas atá thíos ar ghramadach an leabhair.

Samplaí de litriú úrchumtha a mbaintear úsáid as sa leabhar seo is ea ina ndéafa (= ina ndiaidh) agus bordaeirí (= lóistéirí ). Is minice go mór, áfach, a tífeas an léitheoir litriú stairiúil sa leabhar seo ná litriú úrchumtha. Mar shampla, de réir an Chaighdeáin is é cuideoidhimeoidhdiúltóidh, srl., litriú na haimsire fáistiní i mbriathra de chuid an dara réimniú, ach is deise i bhfad an litriú stairiúil cuideochaidhimeochaidhdiúltóchaidh, srl., do chanúint Rann na Feirste. Tá tréan tréithe de chuid Gaeilic Rann na Feirste nach dtugtar aitheantas daofa in FGB ainneoin go bhfuil bunús leo i bhfoinsí scríofa leis na céadtaí bliain. Seo cuid acu: forainmneacha réamhfhoclacha ar -a gconsan deiridh, mar shampla agadasadchugadduidionaduaidromhad; foirmeacha coibhneasta den bhriathar, mar shampla shíleasfhágaschuireasbhainfeasbhaistfeasthoiseochas; tuiseal tabharthach ainmfhocal, mar shampla ar an bhonnóigdena chasóigar an chliobóigar thúrtóigdon chaillighsa choigríchar an choigríchsa tseisrighins an scatharnaighfá do scornaighar chloichsa chomharsainle feaighar an scin. Tá cuntas thíos ar phointí gramadaí sa leabhar seo nach bhfuil ag teacht le gramadach ná le litriú FGB.

*Is fiú a rá anseo go bhfuil tagairt déanta ag Niall Ó Dónaill in alt leis ('Fear an teach … ?', Comhar 37 (1978) ix, 4-5, ag lch 4) do fhoirmeacha nach bhfuil caighdeánach 'atá le fáil i mbeochanúintí na Gaeltachta', agus a bhfuil aitheantas tugtha daofa, agus deir sé fúthu: 'níl bac ar aon duine iad a úsáid ina chuid cainte féin, nó ina chuid scríbhneoireachta féin más iad is áil leis.'