Dé Luain is Dé Máirt

John Ghráinne Ó Duibheannaigh

Tá, bhí beirt fhear ins—ar an bhaile seo agus, daofa féin a hinstear é, bhí cruit ar achan fhear acu. Ach, má bhí féin, bhí siad ar shiúl ag airneál fríd toighthe cosúil le achan duine eile, agus iad maith ag comhrádh. Agus ba ghnách linn cruinniú thíos anseo i dteach thíos anseo an bealach, agus bheadh muid ann go mbeadh am luí ann agus d’imeochadh achan duine chun an bhaile. Ach, lá amháin, bhí fear acu seo agus é ag buachailleacht thíos a chois an chladaigh ag bun na mbeann ansin agus thoisigh an ceol astoigh sa bhinn taobh thall dó, agus is é an ceol a bhí acu:

Dé Luain is Dé Máirt,
Dé Luain is Dé Máirt,
Dé Luain is Dé Máirt.

Agus sin a rabh acu. Agus d’úirt an fear eile, ‘Agus Dé Chéadaoine.’

Bhí sos beag ann agus thoisigh an ceol ar ais astoigh sa bhinn:

Dé Luain is Dé Máirt,
Dé Luain is Dé Máirt,
Dé Luain is Dé Máirt is Dé Chéadaoine.

Dé Luain is Dé Máirt,
Dé Luain is Dé Máirt,
Dé Luain is Dé Máirt is Dé Chéadaoine.

Ó, thug siad isteach sa bhinn é agus goidé a rinn siad? Bhain siad dó an chruit agus tháinig sé chun an bhaile comh díreach le feaigh agus gan cruit ar bith air. Agus cupla oíche ina dhéidh sin bhí muid ag airneál arís agus chuir duine ceist air, ‘Ó, a Dhia, goidé a d’éirigh duid? Goidé mar a chaill tú an chruit?’ D’inis sé daofa goidé mar a chaill sé an chruit. Níor lig fear na cruite eile air féin go rabh sé ag caint nó nach rabh, ach an lá arna mhárach chuaigh sé síos go dtí an talamh chéanna a rabh an fear eile ann, agus bhí sé ansin agus é ag buachailleacht, agus thoisigh an ceol astoigh sa bhinn mar a d’úirt mé:

Dé Luain is Dé Máirt,
Dé Luain is Dé Máirt,
Dé Luain is Dé Máirt is Dé Chéadaoine.

Agus d’úirt an fear eile, ‘agus Déardaoin.’

Ó, bhí sos ann, agus má bhí féin, ní rabh siad sásta astoigh sa bhinn. Mhill siad—mhill sé an ceol orthu. Ní tháinig an Déardaoin leis an cheol ar chor ar bith. Thug siad isteach sa bhinn é. Goidé a rinn siad? In áit an chruit a bhaint dó, chuir siad air an chruit a bhí ar an fhear eile agus tháinig sé chun an bhaile agus dhá chruit air, agus ní fhacaidh Dia ná duine síos fán chladach ón lá sin go dtí an lá inniu.